Cuairt Cameron le dul ar aghaidh

Bíodh is gur fhógair na Coiméadaigh armaidin go raibh cuairt David Cameron ar an tuaisceart curtha ar cal d’fhógair siad ag am lóin inniu go mbeidh ceannaire na gCoiméadach ag dul ar aghaidh leis an chuairt i ndiaidh an iomláin. Tá sé le dul ann chun tacú leis na hAontachtaithe Uladh agus bhí siad sin millteanach meallta nuair a fógraíodh go raibh an chuairt le cealú cionn is scamall luatha  ón Íoslainn a bheith ag cur as d’eitiiltí. Ach anois go bhfuil an cosc ar aerspás ag teacht chun deiridh beidh turas Cameron ag dul ar aghaidh. Tá an toghchán sa Bhreatain ag dul ar aghaidh go trean sna laethanta deireanacha seo agus dréim ag go leor tráchtairí leis go mbeidh comhrialtas de shaghas éigin ann i ndiaidh don vótáil a bheith déanta.

Scríofa ag ar 04.05.2010 Rannóg náisiúnta, nuacht.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24