Cráin dhubh á lochtú as bás traenálaí ag SeaWorld Orlando
Tá cráin dhubh á lochtú as bás traenálaí ag muirpháirc SeaWorld in Orlando i bhFlorida inné. Fuarthas corp an traenalaí san uisce tamall i ndiaidh do dhaoine tabhairt le fios go bhfuair an cráin dhubh gréim uirthi agus tharraing isteach faoin uisce í. Bhí an traenálaí, Dawn Brancheau, ar dhuine de na traenálaithe is mó taithí sa pháirc agus dar le finní súl go raibh sí ag cuimilt cloigeann an ainmhí go díreach roimh seó nuair a tharraing an cráin dhubh isteach san uisce í gan dréim leis. Bádh an bhean de réir lucht ospidéil. Tá an pháirc druidte a fhad is go bhfuiltear ag fiosrú an scéala.