Coup d’état san Éigipt

Bliain I ndiaidh do tromlach an phobail san Éigipt  vótáil ar son Mohammad Morsi chuir an t-arm as cumhacht é anocht. Bhí ollscaiftí ar na sráideanna I gCaireo anocht ag éileamh a imeachta agus ag ceiliúradh a imeachta nuair a tháinig an scéal. Bhí ollslua saighdiúirí ar na sráideanna agus iad réidh do thrioblóid ar bith. Meastar go mbeidh toghchán Uachtaránachta agus toghchán parlaiminte nua ann go luath amach anseo ach ní fios cén uair. Agus é ag caint ar chraoladh teilifíse ar leith anocht mhaígh an Ginearál Abdel Fattah al-Sisi go mbeadh athbhreithniú ar an bhunreacht, go mbeadh comhdháil athmhuintearais ann, toghchán nua parlaiminte agus toghchán nua Uachtaránachta. Cheap sé go sealadach, dar leis, ceannasaí an Chúirt Bhunreachtúil , Adly Mansour, ina cheannasaí stáit fad is go bhfuil an aistriú cumhachta ag tarlúint. Ní léir cad é an ról a bheidh, más rud é go mbeidh ról ar bith feasta ag an Bhraithreachas Moslamach sa leagan amach nua. Deir Mohammad Morsi gur bhain siad úsáid as modhanna daonlathacha le dul I gcumhacht agus gur léir go bhfuil sé mídhaonlathach amach is amach iad a chur as cumhacht le coup d’état á reáchtáladh ag an arm agus lucht a bhfreasúra.

Scríofa ag ar 03.07.2013 Rannóg idirnáisiúnta, nuacht.

28 Nóta Tráchta ar “Coup d’état san Éigipt”

  1. máirin Hurndall

    Mar sin, tá éacht eile bainte amach acu, an bhfuil? Lucht Earrach na nArabach. Is ea, má shuionn tú ar na sráideanna ar feadh roinnt laethanta, gan obair ar bith a dhéanamh agat – agus do gheilleagar ag titim as a chéile – is féidir fáil reidh le cibé rialtas nach maith leat. Is cuma ar toghadh é go dleathach, nó a mhalairt.
    B’ionann smaointí Lucht na mBratacha anseo i mBéal Feirste, agus iad a scriosadh gheilleagair na cathrach seo, dé bharr.
    Ni hé go bhfuil mé báúil leis an Bráithreachas Ioslamach, na baol air. Táthar a iarriadh reachtaíocht Frith-Bhan a thabhairt isteach. Ach, in ainneoin sin, cé go bhuil Daonlathas fabhtach go maith mar chóras, dar liom, thig leis an mhuintir aon dream a bhaint da gcathaoireacha sobhriste, gan fadhb, ag an chéad thoghchán eile.
    Ach ar ndoigh ní cearta atá uathu ach a dtoil féin. Is é múnla Ábharachais agus Teicneolaíocha thar foir an Iarthair a leanann siad.
    Agus mar gheall ar a gcuid cairde i Meiriceá, Sasana agus an Fhrainc, is aobhinn leo náisúin scoilte a fhéiceál , mar sa dóigh sin, coinnítear smacht orthu uilig – mar a tharla, ar ndóigh san Iráic, i Libia agus sa tSiria.

  2. Pól Réamainn

    Droch-scéal don daonlathas san Éigipt.

  3. Fearn

    Mo ghraidhn an t-arm! Rinne siad ceart.

    Fuair Hithler cumhacht go dleathúil sa Ghearmáin in 1933. Ba thrua nár thug an t-arm bata is bóthar dó in 1934!

  4. Dónall Chaoimhín

    Cad é an bunús atá ann leis an rud a tharla in Eigipt i mbliana a chur i gcomparáid leis an rud a tharla sa Ghearmain ar an chéad seo caite? An bhfuil tú ag rá gur ionann an Bráithreachas Muslaimeach agus Páirtí na Náitsithe? Ní fheicfear domsa go bhfuil mórán i gcoitinne ag an dá dream. Comparáid níos ábharthaí b’fhéidir na an Coup sa Phacastáin nuair a thug an Gineáral Musharraf cumhacht chuige féin in 1999.

  5. Fearn

    @ Cad é an bunús atá ann leis an rud a tharla in Eigipt i mbliana a chur i gcomparáid leis an rud a tharla sa Ghearmain ar an chéad seo caite?

    Léigh an chéad abairt .i. Fuair Hithler cumhacht go dleathúil sa Ghearmáin in 1933. Caidé nach dtuigeann tú?

  6. Dónall Chaoimhín

    Ach faigheann an chuid is mó de rialtais an domhain an chumhacht go dleathúil a Fhirn! An rud nach dtuigim ná cad é an bhaint atá idir Hitler agus an Bhráithreachas Muslaimeach nó cad chuige a gcuirfeá iad i gcomparáid.

  7. Dónall Chaoimhín

    B’fhéidir go mbeadh suim agat san alt seo faoi Dhlí Godwin a Fhirn. Níl a fhios agam ar chuala tú faoi riamh. http://en.wikipedia.org/wiki/Godwin%27s_law

  8. Baineann dlí Godwin le comparáid mí-cheart nó mí-oiriúnach. Níl sa gcas seo, go hairithe mar nár chuir Fearn na MB i gcomaparáid.le Hitler go díreach.

    DAS tá baint ag na Naitsí leis na heite chlé. Tá siad ar chle an láir ar an spectrum nó ar laimhe dheise na heite chlé. Is féidir iad a chur i gcomparáid le haon chóras nó idé-eolaíocht na heite chlé.

    Tá an ceart ag Fearn das. : )

  9. Fearn

    @Ach faigheann an chuid is mó de rialtais an domhain an chumhacht go dleathúil a Fhirn!

    Anois, léigh an darna abairt .i. Ba thrua nár thug an t-arm bata is bóthar dó in 1934!

  10. Pól Réamainn

    Níl an Bráithreachas Moslamach Naitsithe.

  11. Is Collectivists iad. Agus tá go leor Críostaí marbh mar gheall orthu.

    An bhfuil an ceart ag roinnt daoine córas a vóráil isteach atá ag sarú ceartanna daoine eile sa tsochaí? An bhfuil sé ceart go leor chomh fada is a fhaigheann an rialtas sin cumhacht go ‘dleathúil’?

    (Ní shílim féin go bhfuil. Is maith le Collectivists an Daonlathas mar gur cosúil le dhá fhaolchú agus uan beag a bhíonns an daonlathas. Is Poblacht Bunreachtúil Daonlathach muid i SAM, cé nach mbeadh a fhios agat thar éis an phraiseach atá déanta den tír ag lucht na heite chlé anseo.)

  12. Pól Réamainn

    @Is Collectivists iad – Nach bhfuil focal Gaeilge atá agat?

  13. An bhfuil focal Gaeilge agam air sin? Hmm..b’fhéidir gur fhag mé taobh thiar den phressure cooker nó sa microwave é…Breathnóidh mé thart ar mo bhealach chuig an gcisteanach chun mo phiolla a thógáil..thar éis an comhad Windows atá oscailte ar an deasc a dhúnadh.. : )

  14. Pól Réamainn

    Níl Collectivists ainmfhocal sa chiall go bhfuil cócaireán ainmfhocal.

    Is smaoineamh polaitiúil é agus níl mé cinnte cad is ciall agat nuair chuireann tú síos ar na BM mar “collectivists”.

    Léim go leor ailt faoi Éigipt i nuachtáin i Fhraincis agus i mBéarla agus is é seo an chéad uair a chuala mé an focal i ndáil leis an BM.

  15. Is ainmfhocal ar nós ainmfhocail ar bith eile é. Agus cosúil le ainmfhocal ar bith eile, is féidir leat é a fháil sa bhfoclóir.
    Tá Websters ar líne. Is féidir leat é a cuardach.

    Aríst, is collectivists iad. Agus is léir nach raibh tú ag léamh na gcomharthaí i lámha na hÉigiptigh, mar thugann siad Faisistithe ar an MB agus ar a rialtas. ..mar gur Collectivists iad. Sin í an fhadhb atá agat, níl tú ag léamh ceard atá le rá ag na hÉigiptigh.

  16. Pól Réamainn

    Agus an fhadhb atá agat, ní thuigeann tú collectivist mar bíonn ag leamh Websters ar líne. Ba chóir duit úsáid a bhaint as Cambridge ar líne (an foclóir Béarla).

  17. Tháinig mo thuiscint ar an ábhar as scríobhnóireacht na bhfealsúna éagsúla, a Phóil. Níl aon fhadhb ar bith agam. : )

    DAS Thug mé faoi deara nar fhreagair tú an cheist thuas faoin daonlathas.

  18. Fearn

    @Níl an Bráithreachas Moslamach Naitsithe.

    Ní dúradh go raibh. Molaim dhuit fanacht i mbun a deir daoine seachas mar a shíleann tú a deir daoine.

    Tharais sin, mé

  19. Pól Réamainn

    Cad chuige go ndearna tú an comparáid le Hitler?

  20. Pól Réamainn

    @An bhfuil an ceart ag roinnt daoine córas a vóráil isteach atá ag sarú ceartanna daoine eile sa tsochaí?
    Nach bhfuil sin an córas céanna leis an GOP í SAM?

  21. Uimhir a haon, níl an córas ag aon pháirtí amháin anseo.

    Uimhir a dó, siad na Daonlathaithe páirtí Tammanny Hall, an Trail of Tears, Jim Crow, na KKK, na Seapánaigh a chur i ngeibheann, Quotas, Fast agus Furious, agus polasaíthe atá frith-shaoirse chainte cosúil le Hate Crime Laws agus mí-úsáid an phreasa agus gcumhacht sa rialtas agus araile. Aisteach nach bhfuil na Daonlathaithe luaite i do theachtaireacht.

    Seachas sa ‘War on Drugs’, cén ceartanna diúltacha a sharaigh an GOP lená bpolasaithe?

  22. Pól Réamainn

    @níl an córas ag aon pháirtí amháin anseo – Sin ceann maith.

  23. Tá an chóras ag taobh na líne amháin ag an nóimeád seo..Tá sé i lamha lucht na heite chlé. Ach tá níos mó na páirtí amháin ann.

    DAS Is collectivists iad na Daonlathaithe. An córas atá ag an léibhéal Federal agus i gcuid de na Stáit faoi na Daonlathaigh, is é an Faisisteachas as an téacsleabhar féin é…Agus is Sóisialaigh Fhabian iad na RiNOṡ. : )

    DAS Thug mé faoi deara nar fhreagair tú an cheist aríst. : )
    Na bíodh imní ort, níl mé ag cur brú ar bith ort. : )

  24. Pól Réamainn

    @Is collectivists iad na Daonlathaithe

    Cad chuige go bhfuil tú i ngreim ag an focal “Collectivist”? Tá sé an-aisteach.

  25. Níl sé aisteach. Tá sé oiriúnach.

  26. Fearn

    @ Cad chuige go ndearna tú an comparáid le Hitler?

    A Phóil Réamainn, Sílim gur bhain tú míchiall as a dúirt mé cé gur thuig April “,,, go hairithe mar nár chuir Fearn na MB i gcomaparáid.le Hitler go díreach”.

    A Phóil Réamainn, níl neart agam ort, monuar!

  27. Pól Réamainn

    A Fheirn, dúirt tú “Fuair Hithler cumhacht go dleathúil sa Ghearmáin in 1933. Ba thrua nár thug an t-arm bata is bóthar dó in 1934! ” Sin an comparáid go ndearna tú.

  28. Ní shílim go gciallaíonn ‘comparaid’ ceard a cheapann tusa a chiallaíonns sé. B’fhéidir gur cheart duit úsáid a bhaint as Websters nó An Foclóir Beag. : )

Tabhair Freagra

© Nuacht24