Cosc ar fhorbairt chuan Bhaile Átha Cliath
Beidh ar Chuan Bhaile Átha Cliath Teo costais ar luach €155,000 a íoc i ndiaidh don Bhord Pleanála diúltú dá n-iarratas ar chead pleanála chun an cuan a fhorbairt. Bhí píosa talaimh 95 acra in aice le Bóthar Alexandra in oirthuaisceart an chuain i gceist ach ar maidin shocraigh an Bord Pleanála gan an fhorbairt a cheadú. Diúltaíodh dó ar cheithre chúis ach i mbeagán focal bhí buairt ar an Bhord go ndéanfaí dochar don saibhreas timpeallachta ar leith atá ann i gcuan Bhaile Átha Cliath. Bhí os cionn 100 gearán oifigiúil faoin phlean agus orthu sin gearán ó Chomhairle Bhaile Átha Cliath. Deir Cuan Bhaile Átha Cliath Teo go bhfuil siad ag meas na féidearthachtaí atá acu anois i bhfianaise rialú an Bhoird.