Corn Oilibhear Uí Cheallaigh

Corn Uí Cheallaigh 2012 i Lámha Dhearga

Tá Corn Olibhear Ó Cheallaigh, i Lámha Dhearga inniú tar éis é a bheith bainte don chéad uair ag foireann sinsear Lámh Dhearg ag deireadh na Seachtaine.

 

B’é seo an triú bhliain as a chéíle a reachtáil Laochra Loch Lao CLG, Comórtas Olibhear Ó Cheallaigh agus an céad uair nar bhain na h-óstóirí an Comórtas.

 

Tosaíodh an comórtas i 2010 in ómós d’Olibhear Ó Cheallaigh, Gael, poblachtanach, dlíodóir aitheanta agus iar-Chathaoirleach ar Choiste Chondae Aontroma CLG a fuair bás i 2009 agus a raibh beirt mhac leis ag imirt le Laochra Loch Lao ag an am.

 

Imríodh comórtas 2012 i gCumann Lámh Dhearg ag Baile Haine Dé Sathairn an 13ú Deireadh Fómhair mar chuid d’Fhéile na Carriage agus seacht foirne ag glacadh páirte ann mar a bhí foireann sinsear agus foireann faoi 21 Lámh Dhearg; Laochra Loch Lao; Naomh Úna, Watty Graham’s, Gort na Móna agus Piarsaigh Bhéal Feirste.

 

Tharla an dá fhoireann Lámh Dhearg sa chluiche cheannais i ndiaidh dóibh teacht fríd an dá thaobh den chomórtas agus bhí cluiche dúshlannach, fearúil ann a chuir gliondar ar gcroíthe an lucht féachána a bhí ag fulaingt na fuachta fhad agus a bhí rudaí ag téadh suas ar pháirc an imeartha.

 

Chríochnaigh an cluiche ar chomhscór ag lán ama 2.10 in éadan 3.7 don fhoireann sinsear agus b’éigean don réitóir, Mick French, na foirne a thabhairt chun ciceanna pionóis leis an choimhlint a réiteach. Thainiig an foireann sinsear slán fríd na ciceanna a bhuíochás le cúl báire agus captaen na foirne John Finucane.

 

Lá spórtúil bríomhar a bhí ann agus ceiliúradh ceart eile ar shaol agus oidhreacht Olibhear Ó Ceallaigh, a raibh a mac Cathal ag imirt do na buaiteoirí.

 

Le cúrsaí spóirt réitithe don lá d’imigh a raibh i láthair isteach chuig Clubtheach Lámh Dhearg, áit a raibh bia agus doech dóibh siúd a raibh an fonn orthú agus ceol ‘s craic a bhuíochas le Sean agus Róise MacCorraidh.

 

Gabh Cathaoirleach Laoch Loch Lao buíochas leis na foirne uilig a ghlac pháirt agus le Laochra Loch Lao agus Cumann Lámh Dhearg as a raibh déanta acu chun lá comhmaith sin a chur ar fáil.

 

Má tá tuilleadh eolais uait gabh i dteagmháil le Jake MacSiacais ar 02890 438597  nó seol r phost chuig

Scríofa ag ar 15.10.2012 Rannóg náisiúnta, nuacht, spórt.

Tabhair Freagra

© Nuacht24