Conradh na Gaeilge ag eagrú agóide faoi cheapadh Aire Stáit Gaeltachta ….. gan Ghaeilge!
Tá Conradh na Gaeilge chun agóid a eagrú ag Roinn an Taoisigh ag 13.15 amárach (16/7/2014) i ndiaidh don Taoiseach socrú ar Aire Stáit gan Ghaeilge a cheapadh le cúram na Gaeltachta a dhéanamh. Deir an Taoiseach go mbeidh Joe Mc Hugh ag dul ar chúrsaGhaeilge i dTír Chonaill gan mhoill chun dóigh a chur ar an chuid atá, nó a bhí aige. Deir an Conradh gur díol imní an scéal agus beidh agóid ann ar 1.15 amárach, Dé Céadaoine, ag Roinn an Taoisigh.
. ‘Cúpla focal agus beidh tú ceart go leor, a mhic . Beimid réidh leis an tseanteanga sin roimh i bhfad, cibé ar bith. Amharc ar an dea-obair atá déanta ag Foras na Gaeilge go dtí seo.’.Tugtar masla do lucht na Gaeilge arís eile.