Comórtas Litríochta Chló Iar-Chonnacht 2012

Comórtas Litríochta Chló Iar-Chonnacht 2012

Saothar cruthaitheach próis. Fáilte roimh úrscéalta, nóibhillí agus cnuasaigh ghearrscéalta.

 

Duaischiste: €10,000

 

Spriocdháta iontrála: Dé Luain, 3 Meán Fómhair, 2012

 

Tá áthas ar Chló Iar-Chonnacht a fhógairt go mbeidh comórtas scríbhneoireachta á reáchtáil againn i mbliana do scríbhneoirí Gaeilge. Fáilteofar roimh phrós cruthaitheach nuascríofa, nár foilsíodh cheana, de gach cineál ó úrscéalta go nóibhillí agus cnuasaigh ghearrscéalta, idir shaothair do dhaoine fásta agus saothair do dhaoine óga.

 

Duaischiste de €10,000 atá sa sparán le dáileadh ar na buaiteoirí agus tá sé i gceist go roinnfí an pota idir triúr buaiteoirí. Bronnfar €5,000 ar an té a bhainfidh an chéad áit amach, €3,000 ar an scríbhneoir sa dara háit agus €2,000 ar an saothar a thiocfaidh sa tríú háit.

 

Cuirtear fáilte roimh scríbhneoirí ar foilsíodh saothar leo cheana agus roimh scríbhneoirí nua cur isteach ar an gcomórtas. Déanfar iarracht freisin aird speisialta a thabhairt ar scríbhneoirí nua chun iad a spreagadh chun pinn.

 

Is mar chuid d’iarrachtaí leanúnacha Chló Iar-Chonnacht spreagadh a thabhairt do scríbhneoirí na Gaeilge atá an comórtas seo á reáchtáil. Tá an comórtas á reáchtáil le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon.

 

Ag labhairt dó faoin gcomórtas nua seo, dúirt an scríbhneoir Micheál Ó Conghaile, bunaitheoir Chló Iar-Chonnacht, “Is mór an spreagadh a thugann comórtais agus na duaiseanna a ghabhann leo do scríbhneoirí, go háirithe do scríbhneoirí óga nó scríbhneoirí nua nár fhoilsigh leabhar cheana. Is mór an cúnamh é go minic spriocdháta a bheith ar intinn an scríbhneora leis an obair atá idir lámha aige/aici a chríochnú. Is mór an spreagadh a thugann sé duais a bhaint amach, an mothúchán sin go bhfuil meas faoi leith ag daoine eile ar an saothar a thagann óna bpeann”.

 

Tabhair cuairt ar an leathanach nuachta ar ár suíomh idirlín, le liosta iomlán na rialacha a fháil chomh maith le treoir bhreise agus foirmeacha iarratas.

 

Scríofa ag ar 18.04.2012 Rannóg ealaíona, náisiúnta, nuacht.

1 Nóta Tráchta ar “Comórtas Litríochta Chló Iar-Chonnacht 2012”

  1. Fearn

    Cé a bhuaigh?

Tabhair Freagra

© Nuacht24