Comhghairdeas le Cumann Gaelach na hEaglaise
Comhghairdeas le Cumann Gaelach na hEaglaise
Rinne urlabhraí Gaeilge Pháirí Daonlathach Sóisialta an Lucht Oibre comhghairdeachas le Cumann Gaelach Eaglais na hÉireann as a bheith 100 bliain ar an saol an bhliain seo. Ag labhairt dó ag an Tionól inniu bhí an méid seo a leanas le rá ag an Bhrolchánach, ‘Tá stair fhada , céad bliain i mbliana, de shaothrú na Gaeilge ag an Chumann Gaelach na hEaglaise ó thaobh an liotúirge de ach go háirithe. Beidh cuimhne ag daoine ar an obair mhór a rinne an Canónach Coslette Ó Coinn ar son Chumann Gaeltach na hEaglaise, aistriúchán ar an Tiomna Nua mar chuid de. Tá neart iomann Gaeilge i Leabhar Iomann na hEaglaise agus eagraírear seirbhísí Gaeilge ar fud na hÉireann; déantar riar ar bhaill na hEaglaise sa Ghaeltacht leis. ‘Bhí sé de phribhéid agamsa freastal ar sheirbhís Ghaeilge ar Lá na Féile Pádraig in Ardeaglais Naomh Padraig i mbliana agus cuireadh fearadh na fáilte romham. Guím gach beannacht ar obair an Chumainn sna laethanta, míonna, agus blianta atá romhainn – go maire sé céad bliain eile.
Is maith sin.