Comhdháil aon chathrach

Comhdháil aon-chathrach Bhéal Feirste is teideal do chomhdháil atá á reáchtáil ag Grúpa Meán Bhéal Feirste sa chathair ar 10-11 Márta. Beidh an chomhdháil á tionól sa Chultúrlann agus sa Halla Cois Cladaigh le taobh an Lagáin. Cuirfear clabhsúr ar imeachtaí le fáiltiú in áras Chonsal Ginearál Mheiriceá. Orthu sin a bheidh ag caint tá Éimear Ní Mhathúna, an Chultúrlann, Boyd Robertson, Sabhal Mór Ostaig, Rob Walsh, Coimisinéir na gComhlachtaí Beaga, Nua Eabhra, Róisín Mac Donough, Comhairle Ealaíona an tuaiscirt, Richard Barnett, Ollscoil Uladh, Pádraig Ó Céidigh, Aer Arann, Chris Torch Intercult, an tSualann, Alex Attwood, Aire um Fhorbairt Sóisialta sa tuaisceart, agus go leor eile. Thig eolas a fháil ag

Connla McCann Tel: 02890 611916  – E:

Jacqueline O’Donnell Tel: 02890 608803 – E:

Scríofa ag Eoghan Ó Néill ar 02.03.2011 Rannóg imeachtaí, nuacht.

Tabhair Freagra

© Nuacht24