Comhaontú – faoi dheireadh

Tuigtear go bhfuil maoiniú £15m sna blianta amach romhainn don Chiste Craoltóireachta Gaeilge ó thuaidh ar na moltaí a bhaineann leis an Ghaeilge sa chomhaontú atá déanta idir an DUP is Sinn Féin. Tá figiúr de £8m luaite, más fíor, le tograí Gaelacha sa phobal. Beidh sonraí an mhargaidh á foilsiú níos déanaí ar maidin nuair a bheidh Brian Cowen agus Gordon Brown i láthair ag Stormont.