Comhaontú
Gheobhaimid sonraí inniu den chomhaontú a aontaíodh ag Tithe an Rialtais aréir. Dhearbhaigh an dá pháirtí go luath ar maidin ag deireadh na gcainteanna go bhfuil comhaontú ann agus go bhfuil sé le cur faoi bhráid ionadaithe pholaitiúla an dá pháirtí ar ball inniu. Beidh cruinnithe an dá pháirtí ag tosú ar 2.00 inniu. Bhí Enda Ó Cionnaith agus Eamon Gilmore ag Tithe an Rialtais aréir agus iad ag iarraidh clabhsúr a chur ar na cainteanna agus an mhargáil faoi chomhrialtas.
Tá foirne margála Fhine Gael Páirtí an Lucht Oibre muiníneach anois go mbeidh siad in ann comhaontú a dhéanamh a ligfeadhdóibh moladh do chomhrialtas a chur i láthair chomhdháil de Pháirtí an Lucht Oibre agus roimh chruinniú de pháirtí pharliminte Fhine Gael amárach. Caithfidh an bheirt cheannaire a séala a chur leis an phacáiste ach cé go bhfuiltear ag cur dlaoí mullaigh ar na cheisteanna áirithe i rith an ama tá foinsí ar an dá thaobh den tuairim go bhfuil oiread acu is a shásódh an dá pháirtí a gceannairí is a n-ionadaithe polaitiúla. Dúirt Phil Hogan anocht go bhfuil dreacht clár rialtais faoi réir nach mór ach go leanfar ar aghaidh ag plé na rudaí nach bhfuil aontú iomlán ann fúthu. Tá an comhaontú atá á chur le chéile cuimsitheach agus casta dar leis na páirtithe. Tá malairt tuairime acu ar go leor ceisteanna, orthu sin an amscála ar ghá chun an t-easnamh a laghdú, agus a seasamh maidir le ciorruithe san earnáil phoiblí, rátaí cánach, taillí uisce, agus an dóigh chun plé leis an ghéarchéim baincéireachta.