Coirm Cheoil Cheiliúrtha 40 Bliain Raidió na Gaeltachta i gCiarraí

RTÉ Raidió na Gaeltachta

 

Preasráiteas Coirm Cheoil Cheiliúrtha 40 Bliain Raidió na Gaeltachta i gCiarraí

 

Mar chuid de cheiliúradh 40 bliain RTÉ Raidió na Gaeltachta sa deisceart beidh coirm cheoil mhór á reáchtáil i Halla na Feothanaí i gCiarraí Dé hAoine 23 Samhain ag 8pm, agus scoth cheoltóirí an cheantair ar stáitse ann. Is é an craoltóir agus ceoltóir Pádraig Ó Sé a bheidh ina fhear an tí don choirm, atá á heagrú ag Raidió na Gaeltachta Bhaile na nGall. Beidh sárcheoltóirí agus amhránaithe ó cheantair Ghaeltachta na Mumhan páirteach sa cheiliúradh ceolmhar, treibheanna Chiarraí, Chorcaí agus Phort Láirge san áireamh. Ar na haíonna ó Ghaeltacht Chiarraí a bheidh i láthair, beidh Breandán Ó Beaglaoich agus an teaghlach, craoltóirí RnaG Áine Uí Laoithe agus Eilín Ní Chearna, Páidí Mhárthain Mac Gearailt, Maidhc Dainnín Ó Sé, Muireann Nic Amhlaoibh, Aoife Granville & cairde, Tim Dennehy, Eoin Duignan, agus Éilís Kennedy & Pauline Scanlon. Beidh na comharsan Corcaigh ann freisin, le ceol agus amhráin leis ‘An Poc’ Seán Ó Sé, Máire Ní Chéilleachair, Matt Cranitch agus Jackie Daly, Conall Ó Gráda & Colm Murphy, agus Eoiní agus Danny Ó Súilleabháin. Ó Ghaeltacht na Rinne, beidh beirt de theaghlach ceolmhar Uí Cheallaigh, Irial and Aodán, beidh Anne Mulqueen agus a mac Ógie Ó Céilleachair ann, Mac Dara Mac Donncha agus Cór na nDéise. €10 atá ar na ticéidí don ócáid, agus is féidir iad a cheannach ó Raidió na Gaeltachta i mBóthar na Léinsí . Is féidir iad a bhaint chomh maith céanna ar An Saol ó Dheas ó Luan go hAoine 12.08 pm, agus Togha agus Rogha Dé Sathairn 12.08 pm, idir seo agus lá na coirme. Tá tuilleadh eolais faoin gcoirm le fáil ag www.rte.ie/rnag/deisceart40.html<http://www.rte.ie/rnag/deisceart40.html> Déanfar taifead ar an gceolchoirm, agus beidh sé á chraoladh ar 25 Nollaig at 7.30 pm.

Scríofa ag ar 15.11.2012 Rannóg náisiúnta, nuacht.

Tabhair Freagra

© Nuacht24