Coirdinigh ag teitheadh leo ón Siria i gcónaí
Tá an reigiún Coirdíneach in oirthuaisceart na hIaráice i ndiaidh uasfhigiúr de 3,000 teifeach a chur i bhfeidhm ar an teorainn idir é agus an Siria. Le roinnt laethanta anuas tá corradh is 30,000 teifeach i ndiaidh teitheadh ón Siria, iad ag imeacht, de réir dealraimh, ó chathanna atá ag dul idir na grúpaí armtha Coirdíneacha agus grúpaí antoisceacha Ioslamacha, cuid acu atá ceangailte le hAl Qaeda. Tá na grúpaí antoisceacha ag déanamh dul chun cinn mór sna ceantracha atá faoi smacht ag na trodairí frithAssad agus le roinnt seachtainí tá cathanna ag dul idir iad agus na Coirdinigh a bhí i gceannas ar chuid de thuaisceart na Siria go dtí seo. Dar leis na Náisiúin Aontaithe go bhfuil an ghéarchéim atá ag titim amach mar gheall ar an oiread sin teifeach a bheith ag bogadh in aon iarracht amháin ag an aon am amháin ag cur brú millteanach ar an Iaráic, tír ina bhfuil na céadta mílte teifeach Siriach cheana féin. Tá an cuma ar an scéal go bhfuil an líon teifeach atá ag teitheadh ón Siria chuig na tíortha maguaird ag dul i méid i rith an ama ainneoin 1.5 milliún, ar a laghad, a bheith bailithe leo ó thosaigh an cogadh dhá bhliain ó shin.
Coirdínigh amháin is cás leat?
Nach féidir a rá go bhfuil Coirdínigh ag aistriú ó cearn go chearn taobh istigh de Choirdisteán?
Ach is teifigh cogaidh iad cinnte!