Ciste rúnda – ‘abair linn faoi Mary!’
Tá an tAire Mary Harney faoi bhrú inniu chun ráiteas a dhéanamh maidir leis an chiste traenála conspóideacha bhí á reáchtáil ag SIPTU/HSE. B’fhiú €2.3m an ciste agus gan aon shoiléiriú ann fós ar cad chuige a bunaíodh an ciste, cén úsáid leis nó cé go díreach a bhí freagrach as. Is eol gur maoiníodh turasanna go dtí an Astráil, Nua Eabhrac agus áiteanna eile ón chiste. Deir SIPTU nach raibh an chiste riamh i gcuntas dá gcuid. Ach inniu dúirt Fine Gael go gcaithfidh an tAire Harney tuilleadh eolais a thabhairt faoin chiste agus faoin ról a bhí ag an HSE sa scéal.