Cinneadh an Roinn Leasa Sóisialigh na hoifigí pobail a dhúnadh sa Ghaeltacht
Ráiteas ó Chraobh an Athair Uí Ghríofa de Chonradh na Gaeilge, Na Forbacha
Cinneadh an Roinn Leasa Sóisialigh na hoifigí pobail a dhúnadh sa Ghaeltacht
Níl aon amhras ach go mbeidh tionchar radacach diúltach ar an iompar teanga i nGaeltacht Chonamara ag an chinneadh atá déanta ag an Roinn Leasa Sóisialigh na hoifigí pobail áitiúla a dhúnadh. Tá sé seo ag dul glan i gcoinne an ‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge’ de bharr go raibh siad go léir suite i gceantair A. Gan na cúinsí teanga a thabhairt san áireamh in aochar, tá sé seo freisin ag dul glan i gcoinne an taighde a rinne A.P. McCarthy, Comhairleoirí Pleanála do Comhairle Chontae na Gaillimhe ó thaobh tiús daonra agus lonnaíochtaí a léirigh gurb é Conamara Theas an tiúchan nó “concentration” is mó daonra sa chontae taobh amuigh de na bailte móra. Ciallaíonn sé seo nach mbeadh bunús loighciúil leis an chinneadh a dhéanamh fiú muna mbeadh focal Ghaeilge sa cheantar – cinneadh a déanadh faoi dheifear agus gan comhchomhairliú leis an pobal. De bharr go bhfuil an chinneadh seo freisin ag dul i gcoinne spriocanna teanga na Poblachta, iarraimíd ar an Rialtas é a chur ar athló go ndéanfar cinnte go raibh fianaise ag tacú leis.
Seán F. Ó Drisceoil
Cathaoirleach
07/10/2013
Chraobh an Athair Uí Ghríofa
Conradh na Gaeilge
Na Forbacha
Gaillimh
Cad iad na hoifigí pobail áitiúla atá le dúnadh?
Tá an Roinn ag maíomh go mbeidh an tseirbhís as Gaeilge ar fáil i gcónaí. Tug a dúshlán . Téigí isteach san oifig i nGaillimh. Agus iarr eolas ar sheirbhís, ceann de na scéimeanna agus nuair nach bhfuil siad in ann freastal oraibh trí mheán na teanga, cuirigí fios ar an Coimisinéar Teanga.
Lena chois sin, cuir éileamh isteach ar lár oifig seirbhísí leas sóisialach agus cuardach poist, don Ghaeltacht a lonnú sa Cheathrú Rua chun, freastal ar phobal na Gaeltachta i gConamara. Cad tá TD Nolan, Páirtí an Lucht Oibre a rá le Joan Burton.