Cath Zawiyah

Tá cogaíocht ag dul feadh an lae inniu i roinnt bailte cóngarach don phríomhchathair Tripoli. Tá lucht tacaíochta an Chornál Ghaddafi agus lucht réabhlóide ag troid ar mhaithe le smacht ar fháil ar Sirte, Ras Lanuf, agus Zawiyah. Leag na trodairí frithGhaddafi eitleáin cogaidh inniu. Ach tuairiscíodh gur maraíodh na scórtha duine i gcathanna sna bailte seo. Maraíodh tríocha duine nuair a phléasc armlón in aice le Benghazi. Ní léir go fóill cad a ba chúis leis an phléascán. Ach is léir go bhfuil an Libia ag bogadh níos cóngaraí do chogadh cathartha i rith an ama cé go maíonn gach taobh gur sin rud nár mhaith leo.

Scríofa ag Eoghan Ó Néill ar 05.03.2011 Rannóg idirnáisiúnta, nuacht.

1 Nóta Tráchta ar “Cath Zawiyah”

  1. Fearn

    “níos cóngaraí do chogadh cathartha”?

    Cad a shíleann tú atá ann cheana? Cogadh na sifíní? Muna cogadh cathartha é, ní lá go fóill é.

    Dála an scéil, is aisteach liom nach bhfuil tú ag déanamh scéil mhóir de choinneál ochtar an SAS, fórsaí speisialta na Breataine i mBeingeásaí, coinneálta ag lucht an éirí amach.
    Agus tá tri mhuirshaighdiúir Ollainneacha “gafa” roimhe seo

Tabhair Freagra

© Nuacht24