Cás na n-ollbhrathadóirí – 12 fear as 13 neamhchiontach
Fuarthas neamhchiontach dáréag den triúr déag a bhí faoi thriail ag cúirt Bhéal Feirste le 5 mí anuas as dúnmharú ceannaire UDA agus coireanna eile. Tá iarcheannaire an UVF i mBéal Feirste Thuaidh, agus brathadóir de chuid an RUC, Mark Haddock, orthu sin a fuarthas neamhchiontach. Bhí an cas ag brath go mór mór ar fhianaise a thug beirt dheartháir, Robert agus Ian Stewart, a bhí gníomhach leis an UVF i mBéal Feirste Thuaidh. Ach inniu dúirt an Breitheamh Gillen gur sceimhlitheoirí cruadhéanta iad an bheirt dhearthair, ar bhréagadóirí iad a d’inis bréag feadh a saoil, agus nach raibh de dhifear fúthu inniu ach go raibh cúlaith orthu. Ciontaíodh aon fhear amháin as ceannacht lámhainní a d’úsáid na fir a dhúnmharaigh ceannaire an UDA, Tommy English, le linn imreas fuilteach idir dílseoirí sa bhliain 2000.