Carál Ní Chuilín, Aire Cultúir nua

Is í Carál Ní Chuilín a bheidh ina Aire Cultúir ó thuaidh. D’fhógair Sinn Féin tráthnóna go mbeidh John O’Dowd ina Aire Oideachais, go mbeidh Michelle O’Neill ina Aire Talmhaíochta agus go mbeidh Martina Anderson ag glacadh áite Gerry Kelly mar Aire Sóisearach ag Oifig an Chéad Aire/Leas Chéad Aire.

Beidh Alex Attwood, SDLP, ina Aire Timpeallachta.

Is é Danny Kennedy, UUP, a bheidh ina Aire um Fhorbairt Reigiúnda. Agus Stephen Farry, Páirtí an Chomhaontais, a bheidh ina Aire Fostaíocht agus Léinn.

Beidh Sammy Wilson ag leanúint leis ina Aire Airgeadais, Arlene Foster ina Aire Fiontraíochta, Edwin Poots ina Aire Sláinte agus Nelson Mc Causland ina Aire do Fhorbairt Sóisialta.

D’fhógair an DUP go mbeidh siad ag déanamh sealaíocht ar roinnt de na hAireachtaí agus go gceapfar Airí nua i gceann dhá bhliain.

Rud atá deacair ar bhealach nó is tréimhse iontach gairid é ag Aire Sláinte dhá bhliain a chaitheamh sa phost agus féacháil le mórán a bhaint amach i dtréimhse chomh gairid sin.

Díol suime é go bhfuil Sinn Féin i ndiaidh triúr ban a cheapadh don ceithre Aireacht atá acu, i bhfad níos mó ná aon pháirtí eile. Agus lena chois sin is mó ball tionól ban acu ná aon pháirtí eile.

Beidh obair mhór le déanamh ag Carál Ní Chuilín, a thagann i gceannas ar DCAL i ndiaidh do triúr Aire de chuid an DUP a bheith i gceannas ann.

Tá beagán Gaeilge ag Carál Ní Chuilín agus is an leagan Gaeilge dá ainm a úsáideann sí.

As ceantar an Lóiste Nua di.

Chaith sí seal faoi ghlas sna 80í agus ar theacht amach as an phríosún shaothraigh sí BSc i Staidéar Sóisialta. Faoi láthair tá sí ag cur dlaoi mullaigh ar Chéim Mhaistireacht sa Bhainistíocht.

Tá dóchas ag Gaeilgeoirí sa tuaisceart go mbainfidh Sinn Féin tairbhe as an Aireacht Cultúir chun cur le cearta is maoiniú do phobal na Gaeilge sa tuaisceart agus chun stádas na teanga a threisiú, go háirithe trí Acht Gaeilge a thionscnamh.

Mar aon leis an Ghaeilge tá fáth eile gur roghnaigh Sinn Féin DCAL. Beidh Doire ina cathair cultúrtha na Ríochta Aontaithe in 2013 agus cuideoidh sé go mór le Sinn Féin gurb iad a bheidh i gceannas ar an Roinn Chultúir roimh agus le linn na tréimhse sin.

Bhí iontas ar roinnt tacaithe leis an SDLP go ndearnadh Alex Attwood a athcheapadh. Cé gur glacadh leis go forleathan gur Aire maith a bhí ann a shaothraigh go breá le linn a thréimhse i gceannas síleadh go dtabharfaí seans do Dominic Ó Brollacháin chun cur lena stádas siúd agus cur le vótaí an SDLP in Iúr/Ard Mhacha. Nó go dtabhafaí ardú stádais do bhean ar nós Dolores Kelly. Gan trácht ar Phatsaí Mac Giolla Eoin a bhfuil cur amach aige le fada an lá ar chúrsaí timpeallachta.

Scríofa ag ar 16.05.2011 Rannóg náisiúnta, nuacht.

5 Nóta Tráchta ar “Carál Ní Chuilín, Aire Cultúir nua”

  1. Fearn

    Cad a chuirfidh Carúr roimpi sa phost seo?

  2. M. Ó Ceallaigh

    Botún atá ann anseo do Shinn Féin, gan Gaeilge, ní bheidh Caral Ní Chuilín ábalta dul i ngleic le namhaid an pháirtí i measc Ghaeilgeoirí agus eile.

    Ní léir aon bhá don Ghaeilge taobh amuigh da hainm a scríobh mar is ceart.

    Ba cheart do Gerry A. ligin do Ghaeilgeoirí a pháirtí cruinniú poiblí a reachtáil chun ligin dóibh díospóireacht poiblí a bheith acu leis an phoiblí.

    Bheadh go leor ann thar a bheith ábalta do seo.

  3. séamus mac seáinB'Feirste

    ní heol domh go bhfuil Gaeilge ag duine ar bith dena hAirí nua agus is trua sin ach níor cheart go gcuirfeadh sé iontas orainn gur mar sin atá nó ainneoin Gaeil mhaithe a bheith ceangailte leis an pháirtí agus leis an SDLP chomh maith, is rud tanaisteach acu í an Ghaeilge ag an dá pháirtí agus ní bheidh sí a choiche ag barr á liostaí príorachta is cuma cad é a chuirtear i niúl. San am chéanna ní hionann sin agus a rá nach bhféadfadh siad leas na Gaeilge a dhéanamh ach iad an treoir ceart a fháil. Caithfidh na Gaeil sin nach bhfuil bainte le páirtí polaitíochta de chineál ar bith cur ar a son féin go siosmaideach agus moltaí cinnte dearfa a chur iná láthair agus gan é a fhágáil ag comhairleoirí an pháirtí féin. Má tá ciall ar bith ag an pháirtí rachaidh siad taobh amuigh den pháirtí le comhairle a lorg mar atá molta ag M.Ó Ceallaigh agus gníomhú da réir. Ní tráth cháinteoireachta í ach tráth chainte. Gabhaimis chuige

  4. Pádraig Mac Fhearraigh

    Sna sé chontae is fiche chuir pobail na Gaeilge a n-uibheacha uilig i mbascaed Fhianna Fáil agus loiceadh orthu.

  5. séamus mac seáinB'Feirste

    tá an ceart agat a Phádraig faoi na Gaeil agus Fianna Fáil ach tá SF ó thuaidh i ndiaidh ranna rialtais a roghnú a d’fhéadfadh cuidiú le cur chun cinn na Gaeilge ach iad díriú ar roinnt bearta fiúntacha praicticálta i measc an phobail ar an talamh agus tá súil agam gur gcuirtear cuid acu sin i gcríoch sula dtosaítear ar troid na mbó maol leis an DUP mar gheall ar Acht na Gaeilge. (Oideachas)– tuilleadh airgid a chur taobh thiar den oideachas feabhais in earnáil na Gaelscolaíochta agus múinteóirí a fhostú láithreach le haonad a bhunú don bhunscolaíocht mar atá déanta don Mheánscolaíocht ag Coláiste Feirste agus a bhfuil ag iarraidh go maith leis ach cuimhnimis gur gníomh a theastaíonn agus ní tuilleadh taighde agus iniúchadh imleacáin. airgid a chur taobh thiar de Iontaobhas na Gaelscolaíochta le scoileanna nua a bhunú agus breis airgid a thairiscint do mhúinteoirí maithe a bhfuil táithí acu dul i mbun na scoileanna nua (ar iasacht má’s gá) go raibh siad ar á gcosa i gceart. Rannóg ar leith Ghaelscolaíochta a bhunú taobh istigh den Roinn a mbeadh sé ar a cumas níos mó ama a chaitheamh ag cur feabhais ar na scoileanna beaga agus cuairteanna rialta a dhéanamh orthu seachas scrúdú ginearálta gach cúig bliana nó mar sin. Ba cheart sa bhomaite an tairgead a chur ar fáil le foirgneamh níos fairsinge a chur ar fáil do Choláiste Feirste a bhfuil 600 dalta acu agus gan spás acu ach do 300. Ba cheart díriú láithreach ar chóras amháin cúrsa scoile agus córas amháin scrúdaí don Ghaelscolaíocht ar fud an oileáin ( d’fhéadfaí sin a dhíol leis an DUP mar sabháil airgid, rud a bheadh fíor). Ba cheart sa bhomaite an cinneadh amaideach a rinne Caitríona Ruane gan bus ar leith a cur ar fáil do pháistí as baile isteach atá ag freastail ar Ghaelscoile taobh amhuigh dá gceantar féin a chur ar cheal. Thiocfadh anois le daoine a liosta féin a dhéanamh suas de bhearta praicticálta nach mbaineann le taighde acadúil agus meilt ama.

    ( Roinn an Chultúir) Tuilleadh Raidío cosúil le Raidío Fáilte a chur ar bun. Airgead a chur ar fáil do chomhlachtaí scannán a mbeadh an fhoireann uilig ina nGaeilgeoirí ón fhear fuaime go dtí an bhean Cheamara agus an léirítheoir srl srl. Mar atá anois is comhlachtaí Béarla (agus an BBC) go bunúsach a ghnóthaigh ar an éileamh a rinne na Gaeil ar sheirbhisí Theilfíse dá gcuid féin a bheuith acu. Tá níos mó ag baint le tionscail theilfíse ná an rud a fheictear ar an scaileán. Cuidiú le 3 nó 4 Cultúrlann (ionaid ealaíona Ghaeilge) a bhunú as seo go ceann 5 bliana. Is cinnte nach dtarlóidh ach fíor bheagán de sin (má dhéantar cuid ar bit de) agus tá mé cinnte go bhfuil smaoínte dá gcuid féin ag daoine eile a bheadh níos fearr ná iad ach is cuma cad é iad is gníomh seachas caint agus tuarasálacha leadránacha a theastaíonn.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24