Caor thine

Tá Astronomy Ireland i mbun cuardaigh inniu d’iarsmaí na carraige a phléasc san aer os cionn na hÉireann go luath ar maidin. Chonaic na céadta duine i gceantracha ar fud na tíre an caor thine san aer. Dar le David Moore ó Astronomy Ireland gur gach seans go bhfuil píosa den charraig tite go talamh agus tá siad ag iarraidh ar dhaoine a chonaic an pléascán san aer nó a thagann ar phíosa den charraig dul i dteagmháil leo. 1999 an t-am deireanach a tharla a macasamhail seo in Éirinn agus fritheadh píosaí den dhreige (meteor) an t-am sin i gCeatharlach. Díoladh píosaí ar $500.

Scríofa ag Nuacht24 ar 04.02.2010 Rannóg nuacht.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24