Camscéim é ‘Filleadh 2013′

Tá Gabriel Byrne ag maíomh gur camscéim é ‘Filleadh 2013′, scéim atá á brú ag an rialtas chun daoine de shliocht na hÉireann mar aon le himircigh a mhealladh go hÉirinn ar an bhliain seo chugainn. Measann an rialtas go bhfuil siad chun 320,000 turasóir breise a mhealladh chuig an stát agus beidh sraith d’imeachtaí á reáchtáil chun cur le tarraingt na tíre an t-am sin. Dar leis an aisteoir nach bhfuil ar a n-aird ag cuid mhór daoine ach dollair a mhealladh ó na Poncanaigh agus eile seachas a bheith ag aithint go bhfuil gaol anama agus neamhleithleasach ag daoine de shliocht na hÉireann leis an tír agus go mba cheart sin a chothú. Maíonn corradh is 60 milliún duine fud na cruinne gur de shliocht na hÉireann iad.

Scríofa ag ar 06.11.2012 Rannóg náisiúnta, nuacht.

12 Nóta Tráchta ar “Camscéim é ‘Filleadh 2013′”

  1. Dónall Chaoimhín

    Tá an ceart ag Gabriel, faraor, tá súil agam nach suífidh lucht gaimbíní na hÉireann i mbun na ndaoine bochta a chuir a gcuid airgid i dtaisce ar mhaithe le saoire in Éirinn ar an bhliain seo chugainn. An meas tú go gcuirfidh fáilte roimh Ghaeil na hAirgíntíne le teacht chuig Filleadh 2013? Is cinnte nár tugadh cothrom na féinne dóibh go dtí seo in ainneoin an gaol fola atá acu leis an tír seo, ach sin ráite níl an oiread céanna airgead san Airgíntín agus atá i Meiriceá, agus níl teanga na hÉireann [An Béarla] ar a dtoil acu.

  2. Fearn

    An bhfuil Éire go huile is go hiomlán ina tírín gaimbín anois?

    Más airgead a tá uaithi, nach gcuirfidh sí malairt luachmhar ar fáil?

  3. Séamus mac Seáin Béal Feirste

    má’s fíor na huimhreacha caitheann gach cuairteoir chun na tíre seo £€ 500 ar an mheán agus iad sa tír gurb ionann é ina iomlán agus 6% de theacht isteach na tíre. Tá postanna 250,000 duine ag brath ar an turasóireacht le bheith beo. Cá bith faoí lucht gaimbín is mó ná iad atá ag saothrú a gcoda ar chuairteoirí ( gidh gur cinnnte nach bhfuil Gabriel Byrne!!) Is ioma locht a thiocfadh a fháil ar stráitéisí Rialtas reatha na sé gcontae fichead ach tá mé in amhras an seo ceann acu.

  4. Fearn

    Níl fhios agamsa faoi “6% de theacht isteach na tíre” agus “postanna 250,000 duine ag brath ar an turasóireacht le bheith beo” (=12.5%??) ach ní rún é go bhfuil na Sé Chondae Fichead daor agus drochfhreastal agus drochearraí ró-fharsaing.
    Dá dtiocfadh barr feabhais ar fhreastal agus earraí, b’fhéidir go dtiocfadh na turasóirí as a stuaim fhéin gan cleasaíocht margaíochta gan bhun.

  5. Dónall Chaoimhín

    Bhuel sin an rud a bhí i gceist agam a Fhearn, tá an tír ró-dhaor agus is iad lucht gaimbíní is ciontaí leis. Tá ceist bheag eile amháin ann, cad chuige a bhfuil an méid sin Éireannach scaipthe ar fud an domhain? Is é drochpholaisithe rialtais ba chúis leis le breis agus 150 bliain, roimh agus ina dhiaidh neamhspleáchas! Tá caoga míle Éireannach ag fágáil na tíre gach bliain, sin caoga míle (50,000) daoine óga ábalta i mbliana agus 50,000 eile ar an bhliain seo chugainn. An mbeidh garpháistí na ndaoine sin páirteach in Filleadh 2113 faoi rialtas Fhine Gael, nó cad é an leagan amach a bheidh ar an tír fán am sin?

  6. Fearn

    A Dhónaill,
    Leagann tú do mhéar ar chomhartha sóirt eile den ghalar chéanna, is dócha.
    Drochriarachán sa bhaile a thugann ar dhaoine dul ar an gcoigríoch; agus na daoine atá fágtha, in ionad caoi a chuir ar an riarachán, síneann siad amach a lámha i dtreo na Gearmáinigh a stiúrann an AE, na baincéirí a stiúrann an BCE agus CI na hA, na Sasanaigh a thógann ár n-eisimiricigh mar a gclann fhéin, na Meiriceánaigh a stiúrann monarchain in Éirinn, agus sliocht na n-eisimiriceach….agus impíníonn siad “Tabhair dhúinn an t-airgead. Níl neart againn ar ár ndrochriarachán fhéin”.

  7. Séamus mac Seáin Béal Feirste

    a Dhónaill agus a Fhearn a chairde is beag taistil atá déanta agam taobh amuigh de mo thír dhúchais ach ón bheagán atá déanta agam ní fhaca mé áiteanna eile a bheith mórán nios fearr ó thaobh freastail,seirbhisí,nó earraí de. Is cinnte go raibh praghasanna ró ard le linn blianta an rachmais ( a bhí bréagach agus amaideach) ach tá luachanna ag titim agus margadh maith ar fáil ag turasóirí anois ( tá leaba agus breicfeasta ar fáil i dteach ósta trí réalt i mBéal Feirste ar £38 do bheirt san oíche mar shampla). Tá a lán rudaí contráilte leis an chóras pholaitíochta sa tír seo agus tá coirpigh mór le rá ag imeacht saor ar cheart dóibh a bheith faoi ghlas ach má choinníonn turasóirí breise teaghlach amháin ón imirce níor mhiste abnn iad dar liom.

  8. Dónall Chaoimhín

    A Shéamais, a chara, aontaím leat gur rud maith é cuairteoirí bheith ag teacht go hÉirinn agus bím i gcónaí ag dúil lena bhfeiceáil ní ar mhaithe leis an airgead a thógann siad leo, áfach, ach ar mhaithe leis na smaointí agus dearcadh agus tuaraimí nua a thugann siad leo. Ní rud maith é d’aon gheilleagar bheith ag bráth ar chuairteoirí áfach. Agus tá ceist níos doimhne ag baint leis an scéal, tá daoine fós ag fágáil na tíre seo ina míltí agus ar na cúiseanna céanna agus a d’fhág sinsir lucht Filleadh 2013. Ní maith an rud an greann i gcónaí ach nárbh fhearr feachtas Fan Linn bheith á reáchtáil ag ár rialtas. Is tubáiste don tír seo agus don chultúr ina mhairimid an imirce, Is ía scrios an Ghaeilge i gcontaethe an Chláir, Ros Camáin, Mhaigh Eo, Liatroma, Chorcaigh, agus i gcuid mhór áiteanna eile. Ní mór dúinn ar an bhliain seo chugainn le linn Filleadh 2013 amharc air cad chuige a tharla an imirce sa chéad dul síos agus féachaint cén dóigh is fearr le stop a chur leis amach anseo, nó beidh an galar seo linn i gcónaí.

  9. Séamus mac Seáin Béal Feirste

    mar athair cloinne a Dhónaill a chaill an nighean is sinne liom don imirce le linn géarchéim eacnamaïochta na n- ochtóidí tá mé ag teacht le cuid mhór dá nabrann tú. is maith liom an mana sin agat ” Fan linn”.

  10. Fearn

    @ ní fhaca mé áiteanna eile a bheith mórán nios fearr ó thaobh freastail,seirbhisí,nó earraí de

    B’fhiú an t-alt seo a léaghadh

    http://www.irishtimes.com/newspaper/ireland/2012/1110/1224326411322.html

  11. Séamus mac Seáin Béal Feirste

    A Fhearn a chara níor mhiste dona Siceolaithe sin anailís siceolaíochta a dhéanamh orthu féin agus rud nó dhó a fhoghlaim. Níorbh iad gnáthmhuintir na tíre a d’fhág muid san áit a bhfuil muid ach dream beag de lucht baince agus polaitíochta nach raibh ag smaoíneamh ach ar a leas féin ,rud a bhaineann le gach tír agus le gach comhlúdar, is dóigh liom . Is fiú dúinn smaoíneamh gur éirigh leis na daoine céanna beagnach gach tír in Iarthar na hEorpa a scrios iad sin a bhí ina gcoilínithe agus iad sin a ndearna coilíniú orthu àr ndalta féin. Is fíor gur dream sinn a thugann maithiúnas go héascaí ach is tréith í sin nach miste liom a bheith inar síce seachas a mhalairt.

  12. Fearn

    A Shéamuis,
    Ní thuigim an chéad abairt thuas agat. Tagaim lena dtuairim go bhfuil muintir na hÉireann, tríd is tríd, ar easpa stuama.

    Tuigim nach raibh “gnáthmhuintir na tíre” freagrach, ach go hindíreach. Tá daonlathas sa tír ach is beag a mhaith muna bhaintear úsáid as. Ó thaobh coireanna sochaí, tá a chion den fhreagracht ag na daoine a dhún a shúile agus a d’fhan ina dtost.

    Ní galar uilíoch a bhí ann. Bhain sé le tíortha nach raibh stuaim ag baint leo agus ar tugadh cead a gcinn do lucht rachmais. M.sh. is beag ding a ndearna sé sa Ghearmáin nó san Astráil nó san Fhionnlann.

    Diabhail rud agam i gcoinne maithiúnais muna bhfuil faill sa chúiteamh

Tabhair Freagra

© Nuacht24