Buille do Shell, bua do Ken Wiwa

Buille do Shell agus bua morálta dóibh sin in Éirinn agus thar lear atá ag cur i gcoinne an chomhlachta.

Is mar sin a amharcann Shell chun Sáile ar chinneadh Shell cúiteamh ar luach €12m a íoc chun nach leanfaí i gcúirteanna Mheiriceá le cás a bhí á thógáil ina gcoinne ag clann Ken Sara Wiwa.

Chuir arm na Nigéire Ken Sara Wiwa agus ochtar eile den chine Ogoni chun báis cionn is go raibh siad ag agóidíocht go síochánta i gcoinne dhúshaothrú thailte Ogoni sa Nigéir.

Ba é Shell an príomhdhream a bhí i mbun an dúshaothraithe sin agus cáineadh iad ar fud na cruinne as a ról sa scéal. Mar chuid den chomhaontú, socraíodh i Nua-Eabhrac nár ghá do Shell glacadh le freagracht as ar tharla agus nach ndéanfaí an fhianaise a bhí le héisteacht i gcúirt Mheiriceá a phoibliú. Is annamh mórchomhlacht mar Shell airgead a íoc le grúpa pobail.

Dar le mac Ken Sara Wiwa, Ken Wiwa, go mbeadh a athair bródúil as an bhua a bhí acu. Cuirfear €5m den airgead cúitimh isteach i gcuntas bainc le go mbeidh sé ar fáil chun cuidiú le pobal Ognoi sa Nigéir. Dar le dlíodóir dá gcuid go raibh siad sásta dul ar aghaidh leis an chás, ach go raibh baol ann go mairfeadh an próiseas blianta fada mar go raibh sé ar intinn ag Shell achomharc a dhéanamh agus troid ar gach casadh.

Bíodh is go bhfuil Shell i ndiaidh cúiteamh a íoc le nach mbeadh cás cúirte ann i Meiriceá, tá cás eile i gcoinne Shell le dul ar aghaidh san Ísiltír, áit a bhfuil ceannáras an chomhlachta Royal Dutch/Shell lonnaithe. Rud a tharraingeoidh aird idirnáisiúnta arís eile.

Posted by nuacht24 on 16.06.2009 Filed under nuacht. You can follow any responses to this entry through the RSS 2.0. You can leave a response or trackback to this entry

Leave a Reply

Spam Protection by WP-SpamFree

2010 © Nuacht24