Buama an Iúir
Deir an PSNI go raibh an t-ádh dearg ar dhaoine a bhfuil cónaí orthu faoi chóngar Teach na Cúirte ar an Iúr gur tháinig siad slán ó phléascán ann aréir. Easaontóirí Poblachtacha atá á lochtú as an pléascán a tharla thart faoi 40 bomaite i ndiaidh do dhuine gan aithint rabhadh a thabhairt. Ba é seo an chéad mhór charrbhuama sa tuaisceart le fada an lá agus is géarú é ar fheachtas na n-easaontóirí i gceantar Ard Mhacha Theas/An Iúr, le tamall beag anuas.