Cléir de chuid na Sunni marbh i ndiaidh caismirtí na Liobáine

Táthar buartha go mbeidh géarú ar ball ar an trodaíocht sa Liobáin atá á cothú, cuid mhór, ag an chogaíocht in Siria. In Tripoli na Liobáine a tharla na caismirtí is déanaí inniu agus orthu sin a maraíodh scaoileadh cléir mór le rá de chuid na Sunni sa chathair, Sheikh Khaled al-Baradei. Bhí caismirtí ag dul i roinnt cathracha ann le seachtain anuas gan stad agus chlis ar arm na Liobáine na caismirtí a smachtú. Agus i rith an ama tá fadhb na dteifeach ón Siria ag dul in olcas. Meastar go bhfuil corradh is milliún Siriach anois bogtha amach as a dtithe mar gheall ar an fhorneart. Le seachtain anuas, de réir figiúirí oifigiúla, theith 30,000 agus breis Siriach ón tír isteach sa Liobáin, san Iordáin agus sa Tuirc.

Scríofa ag ar 24.08.2012 Rannóg idirnáisiúnta, nuacht.

Tabhair Freagra

© Nuacht24