Bua don Chéinia i Maratón Bhaile Átha Cliath

Geoffery Ndungu ón Chéinia a bhain Maratón Bhaile Átha Cliath inniu, an 33ú maratón sa phríomhchathair. Ba é Paul Pollock an reathaí Éireannach is fearr. Bhain Geoffery Ndungu an rás anuraidh ach cé go raibh coinníollacha thar a bheith maith do rás an lae inniu níorbh fhéarr a am don rás i mbliana ná an t-am a bhí aige anuraidh.

Scríofa ag ar 29.10.2012 Rannóg náisiúnta, nuacht.

Tabhair Freagra

© Nuacht24