Bua ag Ioscaid
B’iad Ioscaid, grúpa as Co Doire/Tír Eoghain/Ard Mhacha agus a sheineann an ceol traidisiúnta a thug leo an gradam ‘Ógcheoltóirí na Bliana 2012′ ag an BBC 2 Folk Awards aréir. Bhí ardchlú orthu go háirithe ón am a sheinn siad ag Siansa Ghael – Linn in 2010. Bronnadh gradam fadsaoil ar na Duibhlinnigh ag an ócáid lena chois. Is iad baill Ioscaid ná Ciaran Hanna,
Declan Magee, Niall Murphy, Dermot Mulholland, Fintan Mulholland agus Niall McCrickard.