Breis agus fiche marbh i bpléascáin Bheirut
Maraíodh corradh is fiche duine nuair a tharla dá phléascán faoi chóngar do Ambasaid na hIaráine i mBeirut ar maidin inniu. Ní fios arbh iad carrbhuamaí nó raicéid a ba chúis leis na pléascáin. Bhí taidhleoir amháin, ionadaí cultúrtha na hAmbasaide orthu sin a maraíodh tuigtear. Tá tuairimíocht ann gur buamadóir féinmharfach a bhí freagrach as an chéad phléascán agus gur maraíodh níos mó daoine fós nuair a phléasc carrbhuama.
AR dheis Dé go raibh siad!
Seo nuacht uafásach do Liobáin agus an réigiún ar fad.