Bóthar an bháis gan deisiú

Tá comhairleoirí agus pobal i gContae Chorcaí ar buile cionn is nach bhfuil an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta (an NRA) sásta airgead a chur ar fáil chun bóthar thar a bheith contúirteach a dheisiú.

Maraíodh deichniúr ar an bhóthar N72 idir Mala agus Baile Chaisleáin an Róistigh.

Baineann 3,000 feithicil sa lá úsáid as an bhóthar agus is leoraithe iad 11% de na feithiclí sin.

Deir innealtóir sinsearach, Adrian Wier, go bhfuil cuid den bhóthar, a bhfuil sraith de chuair ann, iontach baolach. Dar leis go bhfuil sé iontach meallta nach bhfuil an tÚdarás chun maoiniú a chur ar fáil leis an bhóthar a dheisiú.

Deichniúr a cailleadh i dtaismí ar an bhóthar. Níl sé ach trí mhí ó maraíodh bean ann nuair a bhuail a carr agus leoraí i gcoinne a chéile.

Tá comhairleoirí áitiúla ar an daoraí faoin scéal agus tá siad i ndiaidh scríobh chuig an Údarás ag iarraidh orthu maoiniú a chur ar fáil.

Scríofa ag ar 27.01.2010 Rannóg nuacht.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24