Borradh faoi Romney ach caint faoi Eastwood
Gheall Mitt Romeny aréir go ndéanfadh sé tír lán féidearthachtaí de Mheiriceá arís dá dtoghfaí ina Uachtarán é. Bhí sé ag cur clabhsúir ar chomhdháil ainmiúchán a raibh glacadh maith leis, don chuid is mó, agus a chuir lena tacaíocht i measc Meiriceánach de réir na bpobalbhreitheanna is déanaí. Beidh trí díospóireacht teilifíse ann sna seachtainí amach romhainn agus beidh ar Romney an dlús a choinneáil faoina fheachtas sna díospóireachtaí sin má tá sé chun seans maith a bheith aige Obama a chur as cumhacht ar 6 Samhain.
Ach bhí go leor leor daoine ag caint faoi Clint Eastwood agus a chaint siúd. Chuir Eastwood ‘agallamh’ ar shuíochán ionann is go raibh Barack Obama ann. Agus le linn an phíosa sin rinne sé cúpla faux pas. Orthu sin dúirt sé nach raibh aturnae eile de dhíth don Uachtaránacht. Dhearmad sé áfach go bhfuair Romney oiliúint dlíodóra díreach faoi a bhfuair Obama. Agus bhí go leor de lucht Twitter ag díriú isteach ar na figiúirí dífhostaíochta a d’úsáid Clint Eastwood. Luaigh sé 23m duine dífhostaithe, figiúirí atá míchruinn dar
Dar le CNN Money, FactCheck.org agus roinnt tráchtairí eile go measann Roinn Saothair Mheiriceá go bhfuil 12.8 milliún Meiriceánach dífhostaithe agus go bhfuil an figiúr a luaigh Clint Eastwood míchruinn.
Ní raibh Clint mícheart.
De réir na hUnemployment Rolls, níl ár ráta dífhostaíochta ach 8.3%. Ach le 3 bhliain anuas agus den chéad uair sa tír seo, tá daoine ag titim de na Rolls gan post ar bith ár fáil dóibh. Níl post ar bith ann le fáil! Fiú, postanna pairt-aimseartha. Mar sin, níl sé sach maith a bheith ag comhaireanns na ndaoine atá ar na hunemployment rolls amháin .
Ba cheart dúinn na daoine a thit as na Rolls agus iad ar Welfare anois a chur san aireamh chomh maith. Agus ár ndóigh, tá daoine óga nach raibh ina n-oibrithe ariamh nach bhfuil muid in ann a chomhaireanns ar chór ar bith.
Tá ár bhfíor-rata dí-fhostaíochta 40% anois dé réir figiúirí a chuir na daoine a thit as na Rolls agus cuid de na daoine atá ag fagáil na n-ollscoileanna gan postanna ag fanacht leo san aireamh..
{Agus é sin thar éis 3 Phacaiste ‘Stimulus’. }
DAS..Roimh teacht na nDaonlathaithe isteach sa gCongress agus na Senate i 2007, bhí an ráta dífhostaíochta 4.6. Agus bhí postanna le fáil do na daoine a thit as na hUnemployment Rolls.
Ní raibh ina ndiaiadh, áfach.
Níl an t-alt críochnaithe, das. An raibh na figiúiri míchruinn dar le lucht na heite chlé atá i gcónaí mí-chruinn ?
an gceapann tú a April ( agus tú níos cóngaraí don aicsean) go mba chunamh do Romney é caint Eastwood nó a mhalairt. Bhí formhór na ndaoine a bhí i láthair iontach sásta leis shílfeá agus nach sin an bunchuspóir a bhí lena thabhairt ann? ainneoin Eastwood a bheith rud beag spadánta ina chuid chainte sílim go rachadh an mhéid a dúirt sé ” faoi dhuine ar theip air an obair a dhéanamh a chur chun siúil ” go rachadh sé i bhfeidhm orthu sin nach bhfuil díolta go fóill ar cheachtar iarrthóir. caidé do mheas?
Ní ceachtar acu é Eastwood…. cúnamh ná a mhalairt. Is comhrac é an toghchán seo idir shaoirse agus an sóisialachas.
Agus Romney ar an taobh céanna na líne ná Obama. : (
Níl fórmhór de na Poblachtanna ná daoine taobh amuigh den pháirtí ro-shásta leis an RHINO sin Romney. Cosúil le McCain agus Bush roimhe, beidh daoine ag caitheamh vóta air mar nach bhfuil sé chomh huafásach lena chéile comhraic.
I ndairíre, ní raibh mórán spéis ag Poblachtanna sa méid a bhí le rá ag Eastwood. Chuala mé féin gurb iad Paul Ryan agus Condi Rice na daoine a thug óráidí a thaitin go mór leo. Bhí an-spéis acu sa méid a dhúirt Mia Love..bean nár chuala tú trácht ariamh uirthi, b’fhéidir.
Maidir le hóráid Eastwood í féin, is cuma faoi seachas sa gcaoi ina gcruthaíonn meáin na heite chlé {nbc, cbs, abc, msnbc, cnn, & araile} nach raibh siad le trust fós, agus iad claonta sa scéal a thaispeáin siad agus iná gcuid cainte ach go hairithe sa gcaoi go bhfuil an fhírinne i gceilt acu. Tá siad scaradh óna réaltacht agus ón gcuid is mó de na daoine sa tír seo. Chaill siad níos mó dá lucht féachana i rith an RNC Convention.
go raibh maith agat a April as an cur síos sin. Tá muid féin sa tír seo ag brath ar nuacht as baile isteach nach bhfuil a fhios againn go minic an bhfuil sé iontaofa nó nach bhfuil. An gceapann tú go gcaillfidh Obama an Uachtànacht?
Is deacair a rá cé a bheas ina bhuaiteoir ag an nóiméad seo. Is ar éigean a bheas an bua ag Romney, b’fhéidir, ach tá sé ro-luath a rá. Is fuath le go leor daoine é Romney mar iarrthóir.
{Mór an trua é nach é Paul Ryan an t-iarrthóir. Nó b’fhéidir Rand Paul.}