Bonn Óir Seán Ó Riada do Chormac Begley

Bonn Óir Seán Ó Riada do Chormac Begley
Is é Cormac Begley as Ciarraí a thug leis Bonn Óir Seán Ó Riada sa chraobh den
chomórtas a craoladh beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó Óstán an Rochestown Park i
gCorcaigh oíche Aoine, 7 Feabhra.
Duine de mhuintir ceolmhar Uí Bheaglaoich as Corca Dhuibhne é Cormac.  Casann sé an
consairtín agus an consairtín íseal (baritone).  Bhí ceol ina thimpeall agus é ag
fás aníos, ach níor thosaigh sé féin ag seinm go raibh sé 17 nó mar sin.  I ndiaidh
dó an bonn a bhaint oíche Dé hAoine, b’éigean dó an bóthar a bhualadh go aerfort
Bhaile Átha Cliatha do thuras chun na Róimhe, áit a raibh ceolchoirm aige.  Is gearr
anois go mbeidh sé ag tabhairt faoi chamchuairt go dtí an Nua Shéalainn agus an
tSeapáin leis an ngrúpa Rian, a bhfuil Liam Ó Maonlaí, Maitiú Ó Casaide agus Eithne
Ní Chatháin ina mbaill dó freisin.
Bhí cónaí ar Chormac i nGaillimh le roinnt bliant anuas, áit a raibh sé i mbun
staidéir do chéim dochtúireachta sa tsíceolaíocht.  Is ann a chuir sé tús leis an
tsraith coirmeacha Tunes in the Church a reáchtáil sé in Eaglais San Niocláis i
nGaillimh.
Dúirt Cormac:
Tá an-áthas orm mar gheall ar an duais seo, ach ní raibh súil agam leis in aon chor,
shíl mé go raibh sé tuillte ag go leor de na ceoltóirí eile a bhí ar stáitse liom.
Ag an am céanna, braithim go ndéanann an comórtas seo ceiliúradh ar an gceol, agus
ar na stíleanna difriúla ar fad, agus mar sin táim an-shásta, agus is mór an onóir
dom an bonn seo a bheith buaite agam.
Bhuaigh Cormac bonn óir agus €2000.
Ba iad na ceoltóirí iomráiteacha Noel Hill, Mick Mulcahy agus Charlie Harris a rinne
moltóireacht ar an gcomórtas.
Sular fhógair sé buaiteoir an chomórtais, mhol Peadar Ó Riada, a reáchtálann an
comórtas, na hiomaitheoirí uilig, agus dúirt sé:
“Comhghairdeas libh ar fad, bhí sibh go léir thar barr.  Níl ach buaiteoir amháin
anocht againn, ach is aon chlann amháin sinn ar deireadh, clann an cheoil.  Na
déanaigí dearmad gur as an ngrá agus an grá amháin a thagann an fuinneamh don cheol,
tá sé sin tábhachtach!”
Craoladh an chraobh beo ar an gclár Cuireadh chun Ceoil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Is féidir éisteacht siar leis ag www.rte.ie/rnag<http://www.rte.ie/rnag>

Scríofa ag ar 08.02.2014 Rannóg náisiúnta, nuacht.

2 Nóta Tráchta ar “Bonn Óir Seán Ó Riada do Chormac Begley”

  1. Fearn

    Comhghairdeas!

    Shíl mé i dtosach go raibh sé sna cluichí Oilimpeacha i Soitsí :-)

  2. Pól Réamainn

    @Shíl mé i dtosach go raibh sé sna cluichí Oilimpeacha i Soitsí – Mise freisin!

Tabhair Freagra

© Nuacht24