Bliain príosúnachta curtha ar fíonraí do Marian Price

Gearradh bliain príosúnachta, curtha ar fíonraí, ar Marian Price san ArdChúirt i mBéal Feirste inniu. Ciontaíodh í ar dhá chúis as cuidiú leis an FíorIRA. Bhain na cúiseanna le fón póca a chur ar fáil chun go n-admhódh an FíorIRA gurb iad a bhí freagach as marú beirt shaighdiúir Sasanach i mbaile Aontroma in 2009 agus gur chuidigh sí le fear armtha ag ócáid i reilig Dhoire nuair a choinnigh sí ráiteas ón FíorIRA in airde le go dtiocfadh le fear le cogall air é a léamh amach.

Scríofa ag ar 07.01.2014 Rannóg náisiúnta, nuacht.

1 Nóta Tráchta ar “Bliain príosúnachta curtha ar fíonraí do Marian Price”

  1. Fearn

    Thug sí fón láimhe agus choinnigh sé páipéar in airde?

    Maith an rud nach bhfuil breith an bháis i réim!

Tabhair Freagra

© Nuacht24