Bliain príosúnachta curtha ar fíonraí do Marian Price
Gearradh bliain príosúnachta, curtha ar fíonraí, ar Marian Price san ArdChúirt i mBéal Feirste inniu. Ciontaíodh í ar dhá chúis as cuidiú leis an FíorIRA. Bhain na cúiseanna le fón póca a chur ar fáil chun go n-admhódh an FíorIRA gurb iad a bhí freagach as marú beirt shaighdiúir Sasanach i mbaile Aontroma in 2009 agus gur chuidigh sí le fear armtha ag ócáid i reilig Dhoire nuair a choinnigh sí ráiteas ón FíorIRA in airde le go dtiocfadh le fear le cogall air é a léamh amach.
Thug sí fón láimhe agus choinnigh sé páipéar in airde?
Maith an rud nach bhfuil breith an bháis i réim!