Blair ag athsmaoineamh ar leabhar láinseáil i Londain
Deir Tony Blair gur seans anois nach rachaidh se ar aghaidh le síniú leabhair a bhí beartaithe do Londain aige an tseachtain seo. Dar le hiarPhríomh Aire na Breataine go bhfuil sé chun athmhachnamh mar gheall ar an agóid a tharla i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn seo caite agus é ag síniú cóipeanna dá leabhar in siopa Easons. Rinne tuairim is 200 duine taobh amuigh den siopa agus caitheadh roinnt uibheacha agus brógaí air. Ach deir Tony Blair go bhfuil sé ag athmhachnamh mar nár mhaith leis go mbeadh brú den sórt céanna ar an phéas i Londain nó ar lucht siopa. ‘I ndeireadh an tsaoil níl ann ach síniú leabhair’ ar seisean ‘ agus níor mhaith liom an péas a bheith gaibhte leis seo seachas le rudaí eile. Is trua nach féidir síniú leabhair a bheith ann gan a macasamhail ach mar a chonacamar i mBaile Átha Cliath ba mhó ar fad an líon daoine a bhí ag iarraidh go síneofaí a leabhar ná an líon a bhí i mbun agóide.’
Nach maith an scéal é go raibh tionchar ag agóideoirí Éireannacha ar rud éigin i mbliana, mar is cinnte nár éist ár rialtas féin linn an oiread sin ag amanna eile le linn na bliana.
Go leor déanta ag Blair don tír seo ag tús a thréimhse mar Phríomhaire na Breataine ach bhí an ceart iomlán ag lucht na hagóide ansin thar an deireadh seachtaine. Maith iad.