Blah Blah Blag

Cinneadh cróga é ag Gearóid Mc Adam dul ó dheas agus dul san iomaíocht do shuíochán Dála. Níl aon chinnteacht ann go mbainfidh sé an suíochán i gContae Lú agus mura mbaineann beidh deireadh leis mar pholaiteoir. Ach ní hionann agus daoine eile ní chreidim go bhfuil Gearóid Mc Adam ar a seacht ndícheall ag iarraidh fanacht i gceannas ar Shinn Féin ná ag an bharr sa pháirtí. Measaim gur mhó atá Sinn Féin ag iarraidh airsean gan imeacht seachas a mhalairt. Mura n-éiríonn leis i gContae Lú creidim go mbeadh sé breá sásta leithscéal a bheith aige imeacht. Má éiríonn leis ní bheidh ann ach go mbeidh sé i ndiaidh éirí as an cheannasaíocht ar an chúl dorais agus go mbeidh ceannaire nua ag Sinn Féin cibé ar bith. Agus in eagmais Gearóid Mac Adaim chun an Ghaeilge a bhrú chun tosaigh ag an leibhéal is airde i Sinn Féin …. níl mé muiníneach.

Chuir mé sonrú sa ghearán a rinne na Sínigh le David Cameron agus a chomhghleacaithe cionn is go raibh siad chun póipíní a chaitheamh agus iad ar chuairt ar an tSín. Chuir na Sínigh a míshásamh in iúl mar dar leo gur mhasla an póipín a chaitheamh i dtír a d’fhulaing rud bocht mar gheall ar an leatrom a rinne saighdiúirí na Breataine ar Shínigh am Cogadh an Óipiam. In ainneoin a deirtear i meáin na Breataine ní siombail gan conspóid é an póipín.

Agus ó tharla Cogadh an Óipiam faoi chaibidil againn nach iontach a laghad suime a cuireadh san áit arb as sa chéad dul síos don vása Síneach a díoladh ar £43m an tseachtain seo caite. Rinneadh an vása, meastar, in 1740 don Impire Qiuanlong. Bhí sé aige sa Phálás Ríoga agus ….. Agus mar a dúirt tráchtaire ar BBC 4 an lá faoi dheireadh, ‘it got here at the time of the Opium Wars, maybe a soldier got hold of it. A lot of the palaces were ransacked or perhaps he was given as a present!’

Agus anois díoladh ar ais leis na Sínigh é ar £43m. An iontas é go bhfuil na Sínigh tógtha faoi chomóradh a dhéanamh ar shaighdiúirí na Breataine?

Tá mé ag léamh leabhar nua Anna Hussaf, ‘Buille marfach’ á léamh agam i láthair. Agus is iontach an leabhar é. Is nós liom leabhar a léamh chomh gasta agus a dtig. Ach leis seo tá mé á léamh píosa ar phíosa sa dóigh is go dtig liom sult a bhaint as an ceardaí i mbun a céirde. Nár laga Dia  a pinn.

Ábhar maith eile leitheoireachta ná Duillí Éirinn. Bhí scaifte maith i láthair sa Chultúrlann an lá faoi dheireadh nuair a rinneadh é a sheoladh. Leagan Gaeilge ar fad agus rogha de na filí is aitheanta sa tír ann – mar aon le filí nach bhfuil mórán d’iomrá orthu. Tá mé ag dúil go mór lena léamh. Bhí cuma i bhfad níos suaimhní ar Chathal ná mar a bhí an t-am deireanach a bhí sé abhus.

Cibé dearcadh atá ag duine ar bith faoin scéal a bhí ann bliain go leith ó shin tá sé in am faoiseamh a ligean dó agus ligean dó dul i mbun pinn mar a ba ghnách leis. Dar liom nach bhfuil file Gaeilge ní b’fhéarr ná é beo.

Mar fhocal scoir chuir mé sonrú sa díospóireacht a bhí ag dul ar an suíomh seo maidir le cinneadh Iceland chun go leor siopaí nua a oscailt. Rinneadh trácht ar an dóigh a dhéanann a macasamhail de ilchomhlachtaí dochar do siopaí beaga agus dá réir. Rud ar fíor. Ach táimid inár gcónaí i dtír mar a bhíonn sé crua ort teacht ar ‘farmers market’ in ainneoin go bhfuil an talmhaíocht faoi bhláth, pun intended, agus teacht againn ar torthaí is glasraí is feoil srl den scoth. Gabh go haon mhórchathair nó baile mór ar roinn na hEorpa agus gheobhaidh tú margadh na feirme ina mbunús mór. Agus mé sa sármhargadh an oíche faoi dheireadh chonaic mé go raibh siad ag tairscint smeara dubha ó Mheicisceo dom ar £4. Agus sin mo chuisneoir lomlán de na smeara dubha a fuair mé sa ghairdín agus ó toim le linn dom a bheith i nDún na nGall. Cé chomh mire is atá an saol seo go bhfuil Meicsiceo ag díol smeara dubha le hÉirinn? Ní hé go bhfuil naimhde móra againn – is é go bhfuilimd tagtha chuig an phointe is go nglacann muid leis gur tomhaltóirí muid seachas daoine a bhfuil cumhacht againn chun ár dtodhchaí a shocrú muid féin. Go bhfoire Dia orainn.

Scríofa ag ar 15.11.2010 Rannóg náisiúnta, nuacht, tuairim.

2 Nóta Tráchta ar “Blah Blah Blag”

  1. séamus mac seáin

    is maith an fear scéal thú blah blah (cibé thú féin. “Cluinim do ghuth cé nach bhfeicim do ghné”) Gerry adams ag iarraidh imeacht ón pholaitíocht an ea? beir ar do chiall. B’fhéidir gur ag teitheadh ó Iarthar Bhéal Feirste atá sé. An toghceantar is boichte, is díphribhleidí,is mó droch shláinte is airde difhostaíochta,is mó bás leanbh i ndaidh breithe srl srl agus cé bhí ina Fheisire don toghceantar le beagnach 30 bliain. déan féin tomhas air a blah blah. tubaiste iomlán glan a bhí san uasal Adams mar fheisire don togh cheantar a bhfuil mé féin imo chónaí ann. Ní leor a bheith i do dhuine deas agus i do Ghael (agus is é atá ann mar an tuasal adams) is riachtanach go mbeadh feisire maith i inimhe leas an phobail a dhéanamh go díreach mar a Rinne Peter Robinson do Oirthear na Cathrach leis an Cheathrú Titanic (20 billiún de infhéistíocht go dtí seo agus ag fás). Dar leat go bhfuil sé ag dul san fhiontar le Co.Lú? ní dóigh liom é tá suíochaan ag SF ann cheana féin agus iad ar 10% den bhóta. Is beag an seans nach bhfaighfidh sé an suíochán.

  2. Concubhar Ó Liatháín

    Nior thuig mé go raibh Gerry Adams ag brú na Gaeilge chun tosaigh taobh istigh de Shinn Féin. Nuair a shuigh sé ar a lámha agus a ghiollaí ar bhórd Fhoras na Gaeilge ag cur scian i nuachtán laethúil na Gaeilge, Lá Nua, an raibh sé ag brú an Ghaeilge chun tosaigh – nó faoi chois?

    Ní doigh liom go bhfuil morán brí le blag ina bhfuil an údar faoi cheilt mar atá anseo. Más fiú rud a rá, abair amach go h-oscailte é. Seachas sin, is feidir an ceist a chur: cén fath go bhfuil tú faoi cheilt?

Tabhair Freagra

© Nuacht24