Blah Blah Blag

Nach iontach an dóigh a bhfuil an Irish Times, RTÉ, an Examiner, et al ag tarraingt aníos laochra 1916 agus a n-éachtaí ar mhaithe le cic a thabhairt don Chomhrialtas.

Is cinnte go bhfuil rudaí go hainnis sa stát, is cinnte go bhfuil an comhrialtas damnaithe ach an é go bhfuil an Irish Times ag athscríobh na staire agus ag maíomh anois as na fir a dhamnaigh siad nuair a thug siad faoin Impireacht is mó ar an domhan 94 bliain ó shin?

Ar a laghad tá cumas náire ag an Indo go fóill agus ní dheachaigh siadsan thar fóir ag maíomh as éachtaí laochra 1916.

Nó is maith is cuimhin linn ar fad a glóraí is a bhí siadsan ar son a marú.

Ach nach raibh an Irish Times…….?

Ssssssh!

Tá dearcadh eile ar fadhbanna an stáit – dála an scéil is stát seachas tír atá i gceist sna 26 Chontae. D’aithin laochra 1916 an difear sin go smior ach ní aithníonn lucht nua-athghabháil 1916 nach ionann an stát agus an tír/náisiún.

Athscríobh eile ar an stair acu.

Ach tá dearcadh eile le léamh faoina bhfuil ag titim amach sna 26 Chontae ach dul a lorg an píosa a scríobh Marc Coleman don BBC.

B’fhiú go mór é a googláil.

Agus de réir dealraimh bhí sé ina raic nuair a d’éirigh idir Marc agus eacnamaí de chuid na Breataine ar chlár nuachta teilifíse an BBC inné.

Maith é. Is maith an rud éagsúlacht tuairimí seachas an líne sin faoi Éire na bportach is an Guinness.

Ar maidin d’éirigh leis an ‘Financial Times’  shebeen agus bog a lua sa chéad paragraf dá dtuairisc ar a bhfuil ag titim amach sa Phoblacht.

Agus ní hiad is measa de na meáin sa Bhreatain, dream a bhfuil a culaith tórraimh réidh acu le tamall agus iad ag iarraidh Éire a chur.

Ach beidh lá eile ag an Phaorach…..

Tá leabhar le Séamas Mac Seáin le seoladh i gCultúrlann Mc Adam – Ó Fiaich i mBéal Feirste an tSatharn seo chugainn.

Beidh sé mar chuid de na himeachtaí iontacha a bheidh ag titim amach le linn Fleadh Feirste.

Thig iomlán an eolais a fháil ach cliceáil ar nó dul chuig suíomh idirlín na Cultúrlainne, www.culturlann.ie

Ach dá tarraingtí is atá an Fhéile agus moladh ag dul chuig lucht a eagraithe dar liom gur iontaí fós an pobal sin i nGaeltacht Cheanada a bhíonn de shíor ar thús cadhnaíochta.

Tá siad anois ag tabhairt faoi eagrú Oireachtas dá gcuid féin ar an bhliain seo chugainn agus réimse iomlán d’imeachtaí sa tsiúil acu ann.

B’fhéidir nach fánach an ceangal a dhéanamh le seoladh leabhar Shéamais Mhic Seáin nó chuaigh a dhearcadh siúd faoi Ghaeltacht uirbeach agus a ghníomhartha is gníomhartha na ndaoine eile ag Gaeltacht Bhóthar Seoighe go mór i bhfeidhm ar Arailt Mac Giolla Chainnigh, Séamas de Creag agus na daoine eile sin a raibh baint acu le cur chun cinn na Gaeilge i gCeanada.

Ní amháin gur thug siad faoi talamh a chéannacht agus árais a thógáil iad féin – agus b’fhéidir ar ball tithe – ach rinne siad iarracht idir phobal na Gaeilge agus an mhórphobal máguaird a mhealladh le bheith páirteach ar shlí amháin nó eile.

Maith iad.

Ba cheart go mbeadh díospóireacht ann faoin mhéid a bhí le rá ag Ian Paisley inné nuair a luaigh sé go mbeadh sé i bhfách le hathaontú na hÉireann a fhad is go mbeadh Banríon na Breataine i gceannas ann.

Is mór idir sin agus an chaint faoi ‘Home Rule is Rome Rule.’

Níl mé ag rá go mba cheart glacadh leis an mholadh agus an cruth atá anois air ach tá Sinn Féin agus dreamanna nach iad ag iarraidh le fada go mbeadh plé agus díospóireacht anseo agus san diaspóra Éireannach maidir le athaontú na tíre.

Tá moladh déanta anois ag Ian Paisley agus mar thúsphointe don díospóireacht ( ó dhearcadh aontachtach) is moladh suimiúil é.

Agus ar ndóigh is eol dúinn le tamall maith nach bhfuil dearcadh Éaman Uí Chuív i bhfad ó dhearcadh an Dochtúra.

Thiocfadh le rialtas na hÉireann agus sea, feidhmeannas Stormont, foghlaim ón mhéid atá ag titim amach in Albain i láthair na huaire.

An tseachtain seo caite foilsíodh taighde nua ar an dóigh a théann daltaí i nGaelscoileanna in Albain chun cinn ó thaobh an Bhéarla de.

Léirigh an taighde nach mbíonn aon mheath ar Bhéarla na ndaltaí a théann go Gaelscoileanna ach a mhalairt.

Faoi rang a chúig is iomaí dalta Gaelscoile atá chun cinn sa Bhéarla ar dhaltaí sna scoileanna Béarla.

Rud ar eol dúinn sa tír seo le fada.

Ach a luaithe is a bhí an tuairisc foilsithe dúirt an tAire Oideachais Mike Russell go mba cheart do níos mó tuismitheoirí smaoineamh ar a bpáistí a chur chuig Gaelscoil.

Dúirt sé nár thuig an mórphobal Béarla buntáistí na teanga.

Cén uair deireanach ar chuala tú Aire ar bith thuaidh nó theas ag moladh a macasamhail?

Seachas Caitríona Ruane.

Is é Gaelscolaíocht fuil beatha na Gaeilge agus gan é ní bheidh pobal Gaelach ann sa Ghalltacht agus seans maith nach mbeidh sa Ghaeltacht ach oiread gan an Ghaelscolaíocht le bheith ina chrann taca acu.

Cad é an Ghaeilge ar sleepwalking?

Cuirim an cheist mar gheall ar chás Donall Kinsella – an fear a fuair €10m de chúiteamh as an rírá a bhain lena siúil agus é ina chodhladh.

Ach cuirtear ar mo shúile dom dá rogha. Deirtear ‘caint as a chodhladh’ agus tú ag tagairt do dhuine a bhí ‘talking in his sleep.’

Agus tá an focal suansiúil ag Gearóid Ó Cairealláin.

Níor chaill sé riamh é.

Scríofa ag ar 19.11.2010 Rannóg náisiúnta, nuacht, tuairim.

3 Nóta Tráchta ar “Blah Blah Blag”

  1. Fearn

    Stát? Náisiún? Tír?

    Le fada an lá, ní chaitear leis na ” 26 chondae ” mar ceann díobh seo ach mar GEILLEAGAR .i. Ireland Inc.

    Is fada fada ó bhí cur i gcéill eile ann.

  2. Fearn

    Albain?

    Mar eolas dhuit, níl ach dhá “Ghaelscoil” in Alban .i. dhá bhunscoil atá lánGaidhlig, ceann ar Oileán Sgiathanach agus ceann i nGlaschú.

    Is iomaí scoil ann a bhfuil sruthanna ann áfach, sruth Gaidhlig agus sruth Béarla. Is iomaí scoil ann nach bhfoghlaimítear Gaidhlig

  3. Fearn

    An t-Irish Times?

    An síleann tú go bhfuil an duine chéanna ag scríobh dó in 2010 is a bhí 94 bliana ó shoin?

Tabhair Freagra

© Nuacht24