Biseach ar Ó hIfearnáin
Tá an oifigeach PSNI Peadar Ó hIfearnán i ndiaidh a bheith bogtha amach as an aonad dianchúraim. Baineadh cos de i ndiaidh do bhuama pléascadh faoina charr agus bhí sé ar feadh tamaill i mbaol an bháis. Bhí an tUasal Ó hIfearnán orthu sin a bhí ag eagrú imeachtaí Gaeilge sa PSNI agus ba chaptaen é ar an fhoireann CLG de chuid an PSNI.