Binse tosaigh nua Fhine Gael
Déanfaidh Enda Ó Cionnaith a bhinse tosaigh nua a cheapadh inniu. Táthar ag cur suime go háirithe sa ról a bheidh nó nach mbeidh ag iarleascheannaire an pháirtí Richard Bruton. Deirtear go mbeidh Richard Bruton ina urlabhraí ar ghnóithe fiontraíochta. Beidh ról lárnach ann ag Michael Ó Nuanáin agus tuairim go mbeidh James Reilly ina leascheannaire nua ar an pháirtí. Agus táthar ag tuar go mbeidh Sean Barrett ag filleadh ar bhinse tosaigh an pháirtí den chéad uair leis na cianta.
Déanfaidh siad an diabhail is uile, gan dabht!