Beirt údar, beirt leabhar nua, aon seoladh amháin

Beidh beirt údar ó Ard Mhacha ag lainseáil a gcuid leabhar ag Ionad Eamhain Mhacha ar a 7i.n. ar an Satharn beag seo 3 Nollaig. Beidh Antaine Ó Donnaile ag lainseáil a chnuasaigh fhilíochta, Urú Gealaí Goirme agus beidh Seán Mac Cionnaith ag lainseáil a leabhair úir Mar a Déarfá, i gcomhar le foilsitheoir an dá leabhar, Coiscéim. Ócáid spiesialta is í seo do litríocht agus léann na Gaeilge in Ard Mhacha agus beidh an Dr Diarmuid Ó Doibhlin i láthair le caint a thabhairt ar shaothar Eoghain Uí Dhonnghaile, file ceannródaíoch as Ard Mhacha a bhí ina shagart i bparóiste Ard Mhacha sa bhliain 1683. Tá an ócáid á shocrú ag Cairde Teo, eagraíocht Ghaeilge in Ard Mhacha.

Is as an Ghráinseach d’Antaine Ó Donnaile agus beidh a chéad chnuasach filíochta á sheoladh ag an Mhoinsíneoir Réamonn Ó Muirí. Chuir Antaine an tsraith Ghaeilge Sruthanna i láthair ar an BBC ar na mallaibh, clár inar thaisteal sé fein agus Cormac Ó hAdhmail ó Phort Stíobhaird go dtí an Bhinn Bhorb  i gcadhc, ar an Bhanna Íochtair, ar bhruach thiar Loch nEathach agus ar an Abhainn Mhór. Suíonn Antaine ar choiste stiúrtha an ionaid Ghaeilge agus cultúir atá beartaithe in Ard Mhacha, mar atá Aonach Mhacha, agus is ball de choiste Gaeilge agus cultúir CLG Ard Mhacha. Tá suim as cuimse aige sa stair áitiúil agus san oidhreacht áitiúil agus bhí sé mar threoraí ar thuras speisialta báid agus siúlóid staire a thug cuairt ar na suíomhanna a bhain le harm Aodh Uí Néill mar chuid de Bhéal an Átha Bhuí.

                Is as Ard Mhacha ó thús é Seán Mac Cionnaith agus tá cónaí air anois i nDoire, áit ina bhfuil sé mar phríomhoide ar an dara bunscoil lánGhaeilge a bunaíodh sna sé chontae, is é sin, Bunscoil Cholmcille (1983). Beidh Seán ag lainseáil an leabhar is deireanaí leis, “Mar a Déarfá”. Is é “Mar a Déarfá” an chéad chnuasach de clíséanna i nGaeilge agus cuimsíonn an leabhar seanfhocail, cora cainte agus cuimhní cinn ar leacanna uaighe. Sna hochtóidí, d’fhoilsigh Seán beathaisnéis agus cnuasach de shaol agus saothar Shéamuis Mac Conmara, scríbhneoir óg as an Iúr sna 1930idí agus lainseáladh ‘Focail i bhFócas’ in 2003, 2004, an chéad teasáras don Ghaeilge. Tá ceangal láidir ag Seán le cathair Ard Mhacha nó d’fhreastail sé ar Scoil na mBráithre Críostaí agus bhí dlúthbhaint ag a theaghlach le cúrsaí iomána ar an bhaile agus sa chontae.

Is fada buan an bhaint ag Eamhain Mhacha le litríocht agus oidhreacht na Gaeilge, rud ar thagair Eoghan Ó Donnghaile, ábhar léacht an Dr Ó Doibhlin, dó sa dán molta a scríobh sé faoi Sheán Ó Néill, “Aisling na Binne Boirbe”.  Deirtear sa dán “Dual dosan Eamhain Uladh, áitribh saor na seanchuradh”. Mar sin de, níl áit ar bith níos fóirsteanaí le ceiliúradh a dhéanamh ar litríocht agus léann na Gaeilge san aonú haois is fiche. Beidh na doirse ar oscailt ar 6.30 ar an Satharn, an 3 Nollaig agus cuirfear tús leis an ócáid le fáiltiú fíona sula dtabharfaidh an Dr Ó Doibhlin a chaint ar a 7.

Scríofa ag ar 28.11.2011 Rannóg ealaíona, náisiúnta, nuacht.

1 Nóta Tráchta ar “Beirt údar, beirt leabhar nua, aon seoladh amháin”

  1. Fearn

    Bhuel, i ndomhnach tá Ard Mhacha ag déanamh go maith ó thaobh na Gaeilge

Tabhair Freagra

© Nuacht24