Beirt á gceistiú faoi ábhar pléasctha

Tá na Gardaí i Muineacháin ag ceistiú beirt fhear i ndiaidh dóibh teacht ar ábhar pléasctha nuair a stop siad veain sa chontae inné. Dar leis na Gardaí go raibh oiread d’ábhar pléasctha sa veain is a dhéanfadh ollbhuama. Thig leis na Gardaí an bheirt fhear, fiche cúig bliain d’aois agus caoga dó bliain d’aois, a choinneáil go gceann 72 uair a chloig lena gceistiú.

Scríofa ag ar 03.11.2013 Rannóg náisiúnta, nuacht.

Tabhair Freagra

© Nuacht24