Beidh comhaontú ann – an tAire Ó Máirtín
Deir an tAire Micheál Ó Máirtín go bhfuil sé muiníneach go maith go mbeidh deathoradh ar na cainteanna ag Caisleán Cromghlinne sa 24-48 uair a chloig atá amach romhainn. Tuigtear go bhfuil Peter Robinson chun pacáiste a d’aontaigh sé le Sinn Féin a chur i láthair baill tionóil an DUP ar ball agus é muiníneach go mbeidh an bua aige an iarraidh seo. Chuir sé lena stádas aréir gur ghlac sé freagrachtaí an Chéad Aire air arís eile.