Bás Tony Nicklinson
Tá an Sasanach Tony Nicklinson, (58) a chlis air cead a fháil an tseachtain seo caite in Ard Chúirt Shasana chun lámh a chur ina bhás féin, i ndiaidh bás a fháil. Dar leis an phéas nach raibh aon rud as bealach faoin bhás agus nach bhfuil siad ag dul a bheith á fhiosrú níos mó. Bhí galar ag an Uasal Nicklinson, ‘locked in syndrom’a tháinig mar gheall ar stroic a bheith aige agus a d’fhág é iomlán i dtuilleamaí daoine eile agus ag mothú pian is frustrachas feadh a shaoil ó shin.
Is mithid eotanáis a dhéanamh dleathach ionas nach mbeadh ar dhaoine bochta leithéidí Tony fulaingt nuair a b’fhearr go mór leo deireadh a chur leis.
mar atá a fhios agat a Astrálaigh a chara bíonn dochtúirí an tsaoil seo ag ligint do dhaoine bás a fháil gach lá sa tseachtain de bharr galar do leigheasta a bheith orthu agus iad ag fulaingt de bharraíocht. Tá sin ceart agus daonna dar liom ach ní hionann é agus gníomhú go conasach agus go minadúrtha le deireadh beatha duine a thabhairt.. Tá rud éigin scathmhar ag baint le stát ar bith dar liom a ghlacann cumhachtaí bás agus beatha air féin agus is cosúil go raibh feachtas ar bun ag dream éigiin i gcás an uasail Nicholson tabhairt ar an stát na cumhachtaí sin a ghlacadh chuige féin. droch thoradh a bheadh ar sin imo thuairim.