Barántas do Liam Adams á scrúdú ag an Roinn Dlí is Cirt

Deir na húdaráis ó thuaidh go bhfuil barántas eiseachadta éisithe do dheartháir Gerry Adams, Liam Adams. Dar leo go bhfuil an Roinn Dlí is Cirt ag cur moill ar an phroiseas cionn is go bhfuil siad sin ag iarraidh soiléiriú ar ghnéithe éagsúla den bharántas. Tá an PSNI ag iarraidh é a cheistiú maidir le líomhaintí gur éignigh sé a íníon Áine.

Scríofa ag ar 04.02.2010 Rannóg nuacht.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24