Ball de Pussy Riot buailte le fuip ag péas

Bhain Cosacach úsáid as fuip chun baill den ghrúpa Pussy Riot a ionsaí nuair a thug roinnt de na mná sa ghrúpa iarracht chun físeán a thaifead faoi chomhartha do na cluichí Oilimpeacha in Sochi. Tá Cosacaigh ag feidhmiú I ról peas le linn na gCluichí Oilimpeacha. Nuair a thug na mná iarraidh canadh d’ionsaigh Cosacach bean acu le sprae piopair. D’ionsaigh Cosacach eile bean le fuip. Dar le baill an ghrúpa go bhfuil said á gciapadh gan stad gan staonadh ó tháinig said go Sochi. Dar leo nach raibh aon chúis ag na Coscacigh chun iad a ionsaí.

Scríofa ag ar 19.02.2014 Rannóg idirnáisiúnta, nuacht.

1 Nóta Tráchta ar “Ball de Pussy Riot buailte le fuip ag péas”

  1. Pól Réamainn

    Tá grúpa mar Pussy Riot de dhith orainn in Éirinn le cearta teanga a chur chun cinn.

Tabhair Freagra

© Nuacht24