‘Báidín Fheidhlimidh’ ag an Oireachtas

Tháinig thart faoi 300 duine amach do sheoladh an leabhair agus dlúthdhiosca dúbailte ‘Báidín Fheidhlimidh’, bailiúchán amhráin agus dánta do pháistí atá ceolta agus aithriste ag páistí ó Ghaeltacht Thír Chonaill. Bhí Seomra Knockalla in Óstán Mount Errigal dubh le daoine nuair a rinne Brian Danny Minnie Ó Domhnaill, cócaire agus amhránaí, an cnuasach úr a sheoladh. I ndiaidh an seoladh oifigiúil, bhain an slua sult mór as an cheolchoirm a chur na páistí óga ar fáil le hamhráin agus dánta ón dlúthdhiosca. Le ceiliúradh a dhéanamh ar sheoladh an leabhair, beidh cheolchoirm eile in Óstán Loch Altan i nGort an Choirce Dé Sathairn an 10ú Samhain óna 5:00 – 7:00 i.n. agus tá fáilte roimh achan duine, beag agus mór. Beidh Rónán Mac Aodha Bhuí, duais-chraoltóir RTÉ Raidió na Gaeltachta, ina fhear a’ tí ar an oíche. Ba é Dara McGee agus Deirdre Brennan a rinne an ealaín don leabhair agus ba é Doimnic Mac Giolla Bhríde a chóirigh agus a thaifead an ceol. Tá an leabhar agus dlúthdhiosca ar fáil anois i Siopa Thomáis, Teach Mhatt agus i ngach siopa leabhair a choinníonn leabhair Ghaeilge ar fud na tíre.

Scríofa ag ar 09.11.2012 Rannóg náisiúnta, nuacht.

Tabhair Freagra

© Nuacht24