Bagairt niúlceach na Coiré Thuaidh
Bhagair an Choiré Thuaidh inniu go mbeadh aisfreagra niúleach ar na gníomhachtaí míleata atá an Choiré Theas agus na Stáit Aontaithe le reáchtáil ar an tseachtain seo chugainn. Bíonn Pyongyang ag bagairt cogaidh go rialta ach is amhlaidh is mó an bhagairt i láthair na huaire agus an Choiré Thuaidh is Theas i ndeabhaidh lainne i ndiaidh don Choiré Thuaidh long de chuid an deiscirt a chur go tóin poill i mí Mhárta. Eachtra inar maraíodh 43 mairneálach.