Athrú bunúsach ag ‘Sun na hÉireann’

Tá eagarthóir an Irish Sun, Mick Mc Niff, le himeacht ón nuachtán láithreach. Is é Paul Hudson, eagarthóir chunta ar Sun Shasana, a bheidh ag teacht i gceannas ar an nuachtán fad is go bhfuil atheagar bunúsach ag dul ar aghaidh ann tugadh le fios inniu.  Bhí Mick Mc Niff ina eagarthóir ar an nuachtán ó 2005. Thit díolachán an nuachtáin le bliain anuas, titim 9.3%. Tá an nuachtán ag díol 72,499 cóip ar an mheán agus díol 82,329 cóip ar Sun an Domhnaigh ó dheas.

Scríofa ag ar 16.10.2012 Rannóg náisiúnta, nuacht.

2 Nóta Tráchta ar “Athrú bunúsach ag ‘Sun na hÉireann’”

  1. Liam Mac L

    An bhfuil muintir na hÉireann ag dul as a ciall? Cúis náire na figiúirí seo. .Go sábhála Dia muid uilig. A leithéid de thír chaillte.Tá súíl agam nach mbeidh an fear nua in ann an díol a fheabhsú.

  2. Séamus mac Seáin Béal Feirste

    Is cosúil ” nach loinnreach “Grian na Éireann” – is olc an doinnean nach fearride do dhuine éigin é!!!

Tabhair Freagra

© Nuacht24