Athghabháil tí Conor Cruise

Tá an Irish Nationwide chun seilbh a ghabháil ar an teach a bhí ag Conor Cruise O’Brien, an teach a bhfuil Máire Mhac an tSaoi ina cónaí ann i rith an ama. Bhí an áisíneacht ag iarraidh seilbh a thógáil ar an teach le tamall maith anuas cionn is nárbh fhéidir le hiníon agus mac uchtaithe Conor Cruise, Patrick agus Margaret, coinneáil leis na híocaíochta mhóra morgáiste – €8,119 gach mí. Thug an Cláraitheoir Contae i mBaile Átha Cliath, Susan Ryan, le fios, Déardaoin, go raibh Patrick O’Brien, a dheirfiúr, Margaret, agus Máire Mhac an tSaoi i ndiaidh aontú imeacht ón teach taobh istigh de thrí mhí.

Posted by nuacht24 on 27.01.2010 Filed under nuacht. You can follow any responses to this entry through the RSS 2.0. You can leave a response or trackback to this entry

Leave a Reply

Spam Protection by WP-SpamFree

2010 © Nuacht24