Atheagar comhaireachta ar na bacáin

Tá foinsí rialtais ag tabhairt le fios go bhfuil an Taoiseach ag brath atheagar a chur ar an Chomhaireacht sna seachtainí beaga amach romhainn. Tá an tAire Willie O’Dea imithe ón rialtas ar na mallaibh agus an tAire Stáit Trevor Sargent. Tá tuairimíocht ann go bhfuil an tAire Martin Cullen ar tí éirí mar gheall ar chúrsaí sláinte. Dar leis na foinsí go bhfuil an Taoiseach ag beartú atheagar mór a chur i bhfeidhm agus go mbeidh sé ag iarraidh go mbeadh béim níos mó feasta ann ar ghnóthaí eacnamaíochta, cruthú fostaíochta agus traenáil sa bhreis a bheith curtha ar fáil don fhórsa oibre agus do dhaoine gan obair. Tarlóidh an t-atheagar taobh istigh de roinnt seachtainí seachas roinnt míonna dar leis na foinsí.

Posted by nuacht24 on 25.02.2010 Filed under nuacht. You can follow any responses to this entry through the RSS 2.0. You can leave a response or trackback to this entry

Leave a Reply

Spam Protection by WP-SpamFree

2010 © Nuacht24