Art de Creag le cur Dé Luain

Cuirfear Art de Creag i mBéal Feirste Dé Luain. Beidh  Aifreann na Marbh ann ar  1.00in in Our Lady’s, Deanby Gardens agus rachaidh an torramh ansin chuig an Rock Cemetery, Reilig na Carraige.

Scríofa ag ar 29.04.2012 Rannóg náisiúnta, nuacht.

8 Nóta Tráchta ar “Art de Creag le cur Dé Luain”

  1. seamus mac seain

    Tá Art curtha sa chré anois i Reilig na Carraige, sna cnoic os cionn Iarthar Bhéal Feirste, agus mar a mbeifeá ag súil leis ó dhuine de charactair mhóra phobal na Gaeilge, ní mar a shilfeá a bhí. Beirt Shagart ar an altóir ag an Aifreann agus gach “Sé an Tiarna mo Aoire ní bheidh aon ni de dhíth orm “a chanadh ar an tsúilóid síos chun na hAltóra. Bíodh a’s gur in ala na huaire a socraíodh gach rud (rud a bheadh le taitniú an Ainrialaí is treise ar an saol seo mar a bhí Art) chuaigh gach rud i gceart ag an am. Ba iad na Gaeil a díompair isteach i dteach a’Phobail é.- Colm Mac Aindreasa , Seán Ó Muirgeáin,Séamus mag Fhionnallaigh, Feargus Ó hÍr agus Feargal Ó Cearbhalláin. chomh maith le mac derthair dó. An tAth Eastwood a dúirt an tAifreann agus bíodh agus gur dhúirt sé gur i nGaeilge agus i mBéarla a bheadh an tAifeann is beag Béarla a bhí ann go fírinneach diomáite le cúpla píosa ó ghaolta Art as Ceannada (a bhí ag seoladh pictiúr reatha beo siar go Ceanada ar I Pad chuig deárthair Art Stiofán) agus as Gaillimh. Séamus Mac Seáin a dúirt an chéad léacht agus an Salm le freagar agus Pádraig Mag Fhearraigh an dara léacht agus guí an phobail. Thug an tAth East wood caint bheag agus rinne an Sagart eile cur síos ar an chairdeas a bhí idir é fein agus Art ó laethe a nóige ar Scoil na Beairice i mBéal Feirste. Ar na Gaeil eile a bhí ann agus a bhfuil cuimhne agam orthu bhí Áine Nic Gearailt, Máire Nig Fhionnachtaigh, Aoife Ní Riain,Pádraigín ní Mhurchú, Dónal Mac Giolla Comhaill, Pádraig Mac Giolla Rua, Séan Mac Aindreas, Ciarán Ó Dúibhinn agus a bhean Rita agus Rosmháire Nic Bhloscaí agus Deirdre Learmont an bealach uilig as Baile Átha Chiath . Amach linn ansin ar an turas fada go dtí Reilig na Carraige agus turas fada a bhí ann nó is cosúil go raibh bacáin curtha ar leathchuid de bhóithre Iarthar na Cathrach ag oibreacha bóthar agus tranglam trachta. Ar feadh tamall shíl cuid againn go raibh Art imithe agus an tEilitream leis ach ní sin mar a bhí. nocht sé sa deireadh agus cuireadh go solúnta é. Go raibh suaimhneas síoraí aige agus cibé rialach atá ag Naomh Peadar san áit údaí thall is cinnte nach fada go mbrisfidh Art sagainne iad. Beidh cuimhne air nuair atá dearmad déanta ar chuid mhaith eile againn. B’fhiú aithne a bheith ag duine air .

  2. seamus mac seain

    rinne mé dearmad ar chúpla ainm ag socraid Art (agus beidh tuilleadh is dócha) Bhí Máire Uí Chearbhalláin i láthair agus Mary Daly agus a hIníon.

  3. seamus mac seain

    agus mo shean chara Seán Mac Cionnaith a bhí uillinn ar uillinn liom ag an aifreann

  4. Seamus mac Seain bealfeirste

    Duine eile a bhi ann. Monica bean mhic ghiolla Chathain as Bothar seoighe

  5. seamus mac seain

    agus orthu sin a d’iompair an chónair ó theach a’phobail bhí Breandán Ó Fiaich

  6. Ar deis Dé go raibh a Anam.

  7. Art, a chara – ní raibh aithne agam ar bheirt ní ba Ghaelai – Art agus Séamus
    Níl ceist faoi – beidh Séamus ag teagasc agus Art ag scríobh – beidh Gaeltacht na Flaithis níos Gaelaí ná riamh

  8. Aralt

    Nuair a bhfuair Séamus bás, deireadh ré a bhí i gceist – go hiontach brónach, cailliúint mhillteanach, ach rud a bhí intuartha. Ach briseann sé mo chroí go bhfuil Art imithe anois chomh maith. Bhí an oiread sin beocht istigh ann, in ainneoin a chuid deacrachtaí fisiceacha. Bhí a lán fágtha aige le tabhairt don Ghaeilge agus don saol go ginearálta. Bhí an oiread sin grá, samhlaíocht agus dea-thoil aige go bhfuil sé deacair dom glacadh leis an chailliúint. Ba dhuine ann féin é Art i gcónaí, agus an saol i bhfad níos saoire againn go léir go raibh seal againn leis.

Tabhair Freagra

© Nuacht24