Armlón faighte

Tá an PSNI ag scrúdú ábhar pléasctha atá aimsithe acu in Ard Mhacha Theas. Níor gabhadh duine ar bith nuair a fritheadh an trealamh. Inné gabhadh triúr in aice báire nuair a tháinig na péas ar ghunnaí i ndá charr sa cheantar. Dar leis an PSNI go bhfuil siad ar a n-airdeall ag an am seo go háirithe mar gheall ar eolas a bheith faighte acu go bhfuil easaontóirí ag beartú mórionsaí. Níos luaithe inniu cuireadh i leith fhear as Tír Eoghain go raibh baint aige armlón agus earraí eile a fuarthas sna laethanta i ndiaidh dúnmharú Ronan Kerr. Níor dúirt Gavin Coyle, (33) aon rud nuair a cuireadh ina leith go raibh baint aige le ceithre carr, dhá ghuthán póca agus lasta de ábhar pléasctha agus airm eile a fuarthas in Oileán an Ghuail trí lá i ndiaidh na dúnmharuithe. Dúirt na péas go raibh 100 péas ag obair ar an chás agus go bhfuil fianaise acu a cheanglaíonn Gavin Coyle leis na hairm. Cuireadh siar faoi athchur é go gceann míosa.

Scríofa ag Eoghan Ó Néill ar 23.04.2011 Rannóg náisiúnta, nuacht.

Tabhair Freagra

© Nuacht24