Arm na hIaráice buailte siar ó Tikrit ag frith-ionsaí ISIS

Theip ar iarrachtaí arm na hIaráice chun baile Tikrit a thabhairt ar ais ó ISIS. D’éirigh le saighdiúirí na hIaráice agus le fórsa cúltaca dá gcuid dul isteach sa bhaile ach rinne ISIS frithionsaí agus i ndiaidh roinnt uaireanta a chloig de dhiantrodaíocht chúlaigh saighdiúirí na hIaráice ón bhaile. Fad is go bhfuil aird an domhain ar Gaza tá ISIS ag dul chun tosaigh i rith an ama san Iaráic. Mar aon le bheith ag smachtú daoine sna ceantraca atá faoina gceannas tá siad ag scrios dealbha is comharthaí de chreidimh eile. Bhí dianchogaíocht ag dul le tamall anuas thart ar Samarra, baile mhór ina bhfuil go leor moscanna atá thar a bheith tábhachtach don phobal Shiia san Iaráic. Tá ISIS, ar as cúlra Sunni go leor dá dtrodairí, ag iarraidh an bhaile a smachtú agus bhagair siad cheana féin go scriosfadh siad na moscanna agus aon chomharthaí de chreidimh eile sa bhaile.

Scríofa ag ar 16.07.2014 Rannóg náisiúnta, nuacht.

1 Nóta Tráchta for “Arm na hIaráice buailte siar ó Tikrit ag frith-ionsaí ISIS”

  1. Fearn

    Buann díograsóirí lánoilte in éadan saighdiúirí tuarastail agus díograsóirí gan oiliúiont, is dócha!

Leave a Reply

© Nuacht24